Eamon Gilmore
Question:593 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir leis an sín eadh scoile atá ceadaithe do Choláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, Corcaigh le dhá bhliain déag anuas; an bhfuil fhios aici go bhfuil 420 dalta ag freastal ar an scoil faoi láthair cé nach bhfuil spás ann do 150 agus go bhfuil baol ann go mbeidh ar an scoil daltaí a dhiúliú an bhliain seo chugainn.