Éamon Ó Cuív
Question:618 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a ndéanfar cinneadh ar iarratas deontais ó Scoil Náisiúnta Oileán an Droma, Leitir Móir le hoibreacha riachtanacha a dhéanamh ar an scoil.
Vol. 437 No. 6
618 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a ndéanfar cinneadh ar iarratas deontais ó Scoil Náisiúnta Oileán an Droma, Leitir Móir le hoibreacha riachtanacha a dhéanamh ar an scoil.
Níl iarratas faighte ón mBord Bainistíochta ar deontas i leith oibreacha feabhais ag an scoil seo.
Má cuirtear iarratas faoi bhráid mo Roinne déanfar breithniú cuí ar an gceist.
619 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a ndéanfar cinneadh ar iarratas deontais ó Scoil Náisiúnta na Trá Báine i Leitir Móir, le hoibreacha a dhéanamh le feabhas a chur ar an scoil.
Níl iarratas faighte ón mBord Bainistíochta ar deontas i leith oibreachta feabhais ag an scoil seo.
Má cuirtear iarratas faoi bhráid mo Roinne déanfar breithniú cuí ar an gceist.
620 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a ndéantar cinneadh ar an iarratas ó Scoil Náisiúnta an Chnoic i nGorumna ar dheontais le caoi a chur ar an gcóras leictreachais lochtach sa scoil sin.
Tá iarratas faighte ag mo Roinn ar deontas i leith oibreacha leictreachais ag an scoil seo. Tá an t-iarratas á mheas agus cuirfear cinneadh in iúl d'údaráis na scoile ar ball.
621 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a íocfar deontas £850 leis na hÚ daráis i Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin i leith obair atá déanta le ceithre bliana.
Tá deontas ceadaithe ag mo Roinn i leith costas oibreacha feabhais riachtanacha ag Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin, Contae na Gaillimhe. Tá formhór an deontais cuí íoctha agus íocfar an fuíll each nuair a bheidh an obair críochnaithe agus deimhnithe ag comhairleoirí proifisiúnta na Roinne.