Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Jan 1994

Vol. 437 No. 6

Written Answers. - Timire Gaeilge.

Robert Molloy

Question:

61 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an bhfuil iarratas faighte aici ó Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ar Thimire Gaeilge lánaimseartha buan a cheapadh in áit an Timire Gaeilge a chuaigh ar a phinsean ar an 31 Lúnasa 1992; agus an ndéanfaidh sí ráiteas sa chás.

I mí na Bealtaine seo caite, tugadh cead do Choiste Ghairmoideachais Chontae na Gaillimhe Timire Gaeilge a cheapadh a mbeadh dualgaisí air faoi Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus faoi Choiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe.

Tuigtear dom gur fógraíodh an post Dé Céadaoin seo caite agus tá súil agam go líonfar an post go luath.

Top
Share