Tá mar aidhm agam a dheimhniú, chomh fada agus is féidir sin, go ndéanfaí forbairt ar an uisceshaothrú agus ar an duántacht tuarasóireachta i dteannta a chéile, ar mhaithe le pobail na tuaithe. Cuireann an dá ghníomhaíocht sin go mór le fostaíocht agus le teacht isteach ar fud na réigiún. Cuireadh béim shoiléir ar a n-acmhainn le haghaidh tuilleadh forbartha sa Phlean Náisiúnta Forbartha.
Tosaíocht is ea é anois tacú, leis, an acmhainn forbartha sin agus í a chomhordú d'fhonn an tairbhe shóisialta agus eacnamaíochta is fear a bhaint as an uisceshaothrú agus as an duántacht turasóireachta araon. Chun na sprice sin, táthar ag gníomhú sna trí shainréimse a leanas:
1. Tabharfaidh na Boird Iascaigh tosaíocht don acmhainn iascaigh intíre a bhainistiú níos fearr, a chaomhnú agus a athnuachan agus cuideoidh clár nua suntasach infheistíochta faoin bPlean Náisiúnta leis sin. Chomh maith leis sin tá an Roinn agus an Príomh-Bhord Iascaigh ag gníomhú leis na háisíneachtaí cuí d'fhonn a chinntiú go leanfaí de bheith ag tacú go gníomhach le hardchaighdeán sa duántacht turasóireachta agus fáil fhorleathan a bheith uirthi.
2. Tá sé ina thosaíocht, leis, a dheimhniú go dtarlóidh forbairt ar uisceshaothrú ar bhonn pleanáilte dea-riartha agus idir mhonatóireacht agus chigireacht rialta a bheith mar thacaíocht leis an bhforbairt sin.
3. Tá athbhreithniú meántéarmach ar an bhfrámaíocht reachtaíochta don uisceshaothrú ar na bacáin d'fhonn cur le struchtúir cheadúnaithe agus chomhairlithe, agus iad a chur in oiriúint do riachtanais an tionscail, agus d'fhonn cás na bpáirtithe leasmhara uile a chur san áireamh.