Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Apr 1994

Vol. 441 No. 6

Written Answers. - Scoil Náisiúnta nGaeltacht Corcaí.

Michael Creed

Question:

126 D'fhiafraigh Mr. Creed den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil aon oide feabhais le fáil ag aon scoil náisiúnta i nGaeltacht Chorcaí, nuair atá siad le fáil i ngach Gaeltacht eile.

Ba mhaith liom a dhearbhú don Teachta go ndáiltear postanna oidí feabhais ar bhonn riachtanais agus nach ndéantar aon idirdhealú idir scoileanna Gaeltachta agus scoileanna eile.

Mar a thugas le fios don Teach cheana, tá sé i gceist agam 100 posts breise a chur ar fáil i mbliana agus déanfar na postanna sin a dháileadh ar an bonn chéanna.

Sa chomhthéacs sin, tógfar riachtanais gach scoil san áireamh, scoileanna Ghaeltacht Chorcaí ina measc.

Top
Share