Ivor Callely
Question:125 Mr. Callely asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the progress that has been made with regard to Teilifís na Gaeilge; and if he will make a statement on the matter.
Vol. 444 No. 5
125 Mr. Callely asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the progress that has been made with regard to Teilifís na Gaeilge; and if he will make a statement on the matter.
Meabhraím don Teachta na freagraí cuimsitheacha a thug mé ar 25 Bealtaine so caite, (Colúin 319-322), agus ar 15 Nollaig 1993, (Colúin 626-633) maidir le Teilifís na Gaeilge. Mar a mhínigh mé sna freagraí sin, tar éis an Rialtais maidir leis an gceist seo, leagadh an fhreagracht ar RTE tús a chur le obair thógála ar ghréasán tarchuradóireachta mar aon leis na háiseanna teagmhasacha teicniúla agus láithreachais a bheadh riachtanach.
Go dtí go mbeidh struchtú reachtúil neamhspleách bunaithe do Theilifís na Gaeilge, tá cead tugtha freisin do RTÉ foireann a earcú ar chonradh don tseirbhís nua agus cláracha a choimisiúnú di.
I mí Márta na bliana seo bhunaigh Údarás RTÉ Comhairle Theilifís na Gaeilge agus é mar dhualgas uirthi comhairle a sholáthar d'Údarás RTÉ maidir le forbairt na seirbhíse nua.
Tuigfidh an Teachta, mar sin, nach mbeadh sé cuí domsa a bheith páirteach i mionsonraí na forbartha don chainéal nua. Tá gach dóchas agam go gcomhlíonfaidh RTÉ an cúram atá leagtha air ag an Rialtas ar bhealach a bheidh ag teacht le sainordú an Rialtais.