Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Jun 1994

Vol. 444 No. 5

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Droicheadh Nua, Inis Nua, Contae na Gaillimhe.

Robert Molloy

Question:

15 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil freagra faighte aige ón Aire Comhshaoil ar a iarratas ar airgead don droichead nua ag Inis Ní, Cloch na Rón, Contae na Gaillimhe, mar atá leagtha amach i bhfreagra ar Cheist Pharlaiminte Uimhir 34, an 4 Samhain, 1993.

Nuair a scríobh mé chuig an Aire Comhshaoil faoin droichead seo is é a bhí ar intinn agam ná go ndéanfadh seisean an cás a mheas féachaint an mbeadh aon fhoinse airgid ar fáil do as a bhféadfaí cúnamh speisialta a chur ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun a chumasú di cibé obair a bheadh riachtanach a dhéanamh ar an láthair seo. Luadh costas thart ar £600,000 leis an obair seo i 1983 agus is cinnte go mbeadh i bhfad níos mó ná sin i gceist anois. Níl ach £250,000 ar fáil do mo Roinnse i mbliana le caitheamh ar bhóithre sna limistéir Ghaeltachta go léir.

An nglacfaidh an tAire leis, go bhfuil géarghá an obair seo a bheith idir lámha? Is léir ón méid atá ráite aige nach bhfuil dóthain airgid ina Roinn chun tahbairt faoin obair seo. Glacaim leis sin ach b'fhéidir go bhféadfainn a iarraidh ar an Aire an bhfuil sé i gceist aige dul chun cainte arís leis an Aire Comhshaoil chun a chur i bhfeidhm ar siúd cé chomh tábhachtach is atá sé an obair riachtanach a dhéanamh ar an droichead seo agus an t-airgead a sholáthar? B'fhéidir go mbeadh deis ag an Aire Comhshaoil an saghas sin airgid a chur ar fáil ó na Structural Funds.

Beidh áthas orm é a thógaint suas arís le mo chomhleacaí, an tAire Comhshaoil. An rud atá tábhachtach ná dá mb'fhéidir droichead a thógaint ar gheallúintí bheadh an droichead seo ann cúpla bliain ó shin. Ach tógfaidh mé suas-arís é leis an Aire Comhshaoil.

Top
Share