Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 29 Jun 1994

Vol. 444 No. 6

Written Answers. - Iarratais ar Chóipeanna de Fhóiliónna.

Éamon Ó Cuív

Question:

97 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cé mhéad cóip de fóiliónna a ordaíodh roimh an 31 Márta 1994, le léarscáil nó gan léarscáil, nach bhfuil curtha amach fós.

: Tá sé curtha in iúl dom ag Cláraitheoir na dTeideal, i dtaobh na n-iarratas ar chóipeanna de fhóiliónna a fuarthas i gClárlann na Talún roimh 31 Márta 1994, go bhfuil 2,126 iarratas idir lámha ag an am seo. Is fóilió le léarscáil atá á lorg i bhformhór na n-iarratas seo.

Eisíodh timpeall 68,500 fóiliónna le léarscáil ón gClárlann ó lú Eanáir 1994 suas go dtí an dáta seo.

Top
Share