Suim £107,012 atá íoctha go dáta i ndáil le seirbhísí comhairleoireachta, etc, a cuireadh ar fáil ag ocht gcomhlucht.
Bhain na seirbhísí sin go príomha le:
— staidéar faoi fhorbairt na Mórchanálach;
— staidéar faoi na costais chaipitil a bhainfidh le bunú Theilifís na Gaeilge;
— cúrsaí bainistíochta agus riaracháin i mo Roinnse féin; agus
— tograí sonracha de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus
— an Chomhairle Oidhreachta Náisiúnta.
Faoi mar is eol don Teachta, tá Comhairleoir Speisialta dom agus Clár Reachtaire fostaithe ar chonradh ag mo Roinnse agus íoctar tuarastal £42,894 leo araon móide na gnáth-chostais taistil, etc.
Bíonn comhairle ar fáil dom ó mo Chomhairleoir Speisialta i ndáil le mo chuid freagrachtaí éagsúla. Tá an Clár Reachtaire freagrach as bainistiú agus comhordú i ndáil le spriocanna an Rialtais mar atá leagtha amach sa chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta a bhaint amach.