Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 25 Oct 1994

Vol. 446 No. 3

Written Answers. - Talún ar Oileánacha Corcaigh.

Éamon Ó Cuív

Question:

232 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta. Bia agus Foraoiseachta cén uair a bheidh roinnt talún ar Oileán Dínise agus Oileán na Caisín (sonraí tugtha) curtha i gcríoch ag Coimisiún na Talún. [1989/94]

Ós rud é gur faoi Coimisiún na Talún amhain atá cionroinnt atheagrú na talún de reír dlí, níl aon fheidhm agam-sa sa cheist. Mar sin féin, tuigim go bhfuil moltaí á meas chun roinnt malartuithe ar na h-oileáin seo a thabhairt chun rialtachta.

Top
Share