Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 25 Oct 1994

Vol. 446 No. 3

Written Answers. - Gaelscoil i mBré

Eamon Gilmore

Question:

311 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Oideachais an fáth a bhfuil moill ar aitheantas a thabhairt do Ghaelscoil an Dairgile, Bré, Contae Chill Mhantáin; an bhfuil a fhios aici go bhfuil 26 dalta cláraithe ag an scoil seo agus go bhfuil na tuismitheoirí ag íoc tuarastal an mhúinteora go fóill; agus cén uair a bheidh aitheantas le fáil ag an scoil uaithi. [2180/94]

Sa gcéad dul síos, níor fritheadh an réamh-iarratas im Roinn chun aitheantas a bhronnadh, le héifeacht ó Méan Fomhair 1994, ar an dara Gaelscoil do Bhré, Gaelscoil na Dearghaile, ach i mí Iúil seo caite. Fritheadh é i bhfad ró-dhéanach sa bhliain chun seans a thabhairt don Roinn breithniú mar is cóir a dhéanamh air roimh thosach na scoil-bhliana nua. Maraon leis sin níorbh iarratas iomlán é agus bhí ar mo Roinn eolas breise a fháil ón gCoiste Bunaithe.

Osclaíodh an scoil nua ar 1 Meán Fómhair 1994 gan aitheantas na Roinne. Mar sin níl mo Roinn agíoc as tuarastal an oide i láthair na huaire.

I gcás na Gaelscoileanna nua tá sé de dhualgas ar an gCoiste Bunaithe cóiríocht sealadach don scoil a aimsiú. Ní raibh mo Roinn sásta leis an gcéad lóistín ina raibh an scoil suite agus cuireadh san in iúl don gCoiste ag tosach mí Meán Fómhair. De bharr seo, d'aistríodh an scoil go dtí lóistín nua. Tá Cigire na Roinne tar éis an chóiríocht nua a mheas agus tá tuairisc ina leith curtha ar fáil don Roinn, áit a bhfuiltear dá bhreithniú.

Tá súil agam go mbeidh cinneadh ar an iarratas go luath.

Top
Share