Dírím aird an Teachta ar na freagraí a thug mé cheana ar Cheisteanna Dála maidir le Teilifís na Gaeilge, go háirithe Ceisteanna Uimh. 6, 7, 10, 22, 30, 37, 51, 99, 104 and 110 den 15 Nollaig 1993, (colúin 626 go 633), Ceisteanna Uimh. 6, 9, 12, 34, agus 54 den 23 Feabhra 1994 (colúin 473 go 478) agus Ceist Uimh. 22 den 25 Bealtaine 1994 (colúin 319 go 322).
Go dtí go mbeidh structúir reachtúla ar leith curtha ar bun do Theilifís na Gaeilge, is ceist d'Údarás RTÉ, atá ag fáil comhairle ó Chomhairle Theilifís na Gaeilge, nuacht agus cláir eile a sholáthar. Faoi mar a dúirt mé cheana féin, tá an cúram leagtha ag an Rialtas ar Údarás RTÉ an bonnegar teicniúil a chur ar fáil, faoi réir gur stáisiún foilsitheora/craoltóra a bheidh i dTeilifís na Gaeilge. Cuimsíonn mo mholtaí do cheanncheathrú an stáisiúin ag Baile na hAbhann áiseanna láithreoireachta agus craoltóireachta.