Dinny McGinley
Question:281 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an eol dó an phráinn atá le deisiúchán agus forbairt a dhéanamh ar an ché ag Machaire Rabhartaigh, ag cur san áireamh tábhacht na cé do na hiascairí áitiúla agus do bhád farantóireachta Oileáin Thoraigh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh chomh maith le deontas a chur ar fáil. [3351/94]