Fuarthas iarratas chun oibreacha breise feabhsúcháin a dhéanamh ar an gcé ag an mBinn Bhuí, Machaire Gathláin i mí na Samhna 1992. Cuireadh an cás faoi bhráid mo Roinne-se arís i mí Aibreáin seo caite, tráth a cuireadh in iúl go raibh na hiascairí áitiúla ag gabháil d'oibreacha áirithe.
Chuaigh mo Roinnse i dteagmháil le Comhairle Chontae Dhún na nGall a bhfuil cúram na cé seo orthu. Ach scéal a fháil ón gComhairle go bhfuil siad i bhfábhar na n-oibreacha atá beartaithe agus sásta freagracht a ghlacadh as a gcothabháil, beidh mé sásta deontas a cheadú.
Ní miste a lua gur cheadaigh mo Roinnse deontas lánchostais de £3,000 ar an 21 Meitheamh 1991 chun a chumasú don Chomhairle Chontae oibreacha deisiúcháin a dhéanamh ar an gcé i gceist agus tá £2,000 den deontas sin fós gan a bheith íoctha toisc, is cosúil, nár críochnaíodh an obair.