Tá deontais iníoctha daltaí a le bhfuil a dtithe balle lasmuigh de réimse seirbhísí iompair chuig scoil dara leibhéal a bhfuil oideachas oiriúnach ar fáil ann. Chun bheith ináirithe don deontas seo, ní mór d'iarrthóir bheith ag maireachtaint trí mhíle ar a laghad ó ionad a bhfuil saoroideachas iarbhunscolaíochta ar fáil ann, nó trí mhíle ó phointe bailithe ar bhealach bus chuig ionad dá leithéid, agus bheith mar dhalta aitheanta i scoil chónaithe nach ngearrann táille aíochta níos mó ná £1,700 sa bhliain ar thuismitheoirí, nó ar lóistín agus ag freastal ar scoil lae.
Faigheann gach dalta ináirithe deontas den chúigiú chuid déag den táille a ghearrtar ar thuismitheoirí, méadaithe faoina hocht (8/15). Íoctar deontas breise i leith daltaí gátaracha den chúigiú chuid déag den táille, méadaithe faoina seacht (7/15), is é sin deontas iomlán de 100 faoín gcéad. Tá an deontas breise seo iníoctha i leith daltaí nach bhfuil teacht isteach a gcuid tuismitheoirí os cionn £9,100 sa bhliain, le £299 anuas ar sin i gcás gach leanbh de bhreis ar an gcéad leanbh. Tá mé sásta gur chóir soláthar faoi leith a dhéanamh do dhaltaí gátaracha agus go bhfuil an uasteorainn ioncaim de £9,100 réasúnta i gcomparáid le hioncaim i gcoitinne.