Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 7 Feb 1995

Vol. 448 No. 6

Written Answers. - Méid on Phobail Gaeilge ata Páirteach i ngluaseacht na nGaelscoileanna.

Micheál Martin

Question:

149 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Oideachais an bhfuil figiúirí aici maidir le méid an phobail Ghaeilge atá páirteach i ngluaiseacht na nGaelscoileanna, thuaidh agus theas, ar an oileán seo. [2065/95]

Níl aon sonraí ar fáil san Roinn Oideachais maidir le méid an phobail Ghaeilge atá páirteach i ngluaiseacht na nGaelscoileanna.

Sa Chóras bunoideachais tá 588 múinteoir ag múineadh thart ar 14,500 dalta i 80 Gaelscoil lasmuigh den Ghaeltacht.

Sa chóras iarbhunoideachais tá 273 oide lánaimseartha agus 115 oide páirtaimseartha ag múineadh 4,078 dalta i 25 Gaelscoil lasmuigh den Ghaeltacht.

Top
Share