Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Mar 1995

Vol. 450 No. 1

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Airgead Eorpach don Ghaeltacht.

Peadar Clohessy

Question:

7 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén toradh a tháinig as an iarratas óna Roinn chuig Coimisiún na hEorpa ar airgead a chur ar fáil chun teacht i gcabhair ar an nGaeilge agus ar an Gaeltachtaí mar chuid den Oidhreacht Eorpach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4705/95]

Níl Clárach ann per se don Ghaeilge agus don Ghaeltacht maidir le cúnamh ón Aontas Eorpach ná níor lorgaíodh cúnamh ar an dóigh sin ón Aontas. Baineann na limistéir Ghaeltachta tairbhe as Cláracha agus as Scéimeanna an Aontais Eorpaigh don tír i gcoitinne de réir mar a bhaineann siad léi — mar shampla. Scéimeanna an Roinne Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Bia le haghaidh tionscal na feirmeoireachta, an Clár Feidhme d'Fhorbairt Rionscail, an Clár Feidhme Iascaigh, etc.

Thug mé eolas ar 31 Eanáir 1995 mar fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 98 ón Teachta Ó Maoildhia maidir leis na Cláracha aus na Scéimeanna a mbaintear feidhm astu go príomha ag mo Roinnse, Údarás na Gaeltachta, Pobal na Gaeltachta aus comhlachtaí Gaeltachta i dtaca le forbairt na Gaeltachta.

Go sonrach faoin bhFo-Chlár don Ghaeltacht, atá mar chuid den Chlár Feidhme d'Fhorbairt Tionscail 1994-1999, tuaraítear go mbeidh caitechas de £119 milliún sa sé bhliain i gceist agus go mbeidh £38 milliún den tsuim sin le fáil ón Aontas Eorpach ar mhaithe le forbairt tionscail sa Ghaeltacht agus Údarás na Gaeltachta. Anuas air sin beidh cúnamh de thart ar £5 milliún le fáil don Ghaeltacht tríd an bhFo-Clár le haghaidh Talún agus Foirgneamh.

Beidh £7.46 milliún ar fáil faoin gClár Feidhme Iascaigh 1994-1999 i leith saoráidí calaíochta sa Ghaeltacht. Díreofar an t-airgead sin ach go háirithe ar fheabhsú na saoráidí calaíochta ar oileán áirithe Ghaeltachta amach ón gcósta.

An bhfuil an tAire ar rá nach bhfuil aon iarratas déanta ag a Roinn chuig an Chomhphobal Eorpach chun cabhair airgid a fháil don Ghaeilge agus chun an oidhreacht Ghaelach a chur chun cinn? Má tá sé sin fíor tagann sé trasna ar an méid a dúirt a Roinn le ANOIS i mí Feabhra 1993 nuair a dúradar go raibh sé socraithe go raghadh ionadaithe ón Roinn go dtí an Bhruiséal chun cás na Gaeilge a chur os comhair an Choimisiúin. B'shin an rud a bhí mé ag iarraidh a fháil amach. Ar tháinig aon toradh as an trip sin nó ar tharla an trip sin ar chor ar bith? Tá fhios agam faoin chaladh mór in Árainn agus mar sin de.

Tá freagra simplí ar cheist an Teachta. Nuair a thosaigh mé mar Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta i mí Eanáir 1993 cheap mé féin, chun a bheith an-oscailte leis an Teachta, gurb é an bealach ba éasca ná go mbeadh mo Chlár Feidhme féin agam don réimse nua a bhí faoi mo chúram. Sé sin mo Programme Headings féin. Ní raibh sin ar fáil dom toisc go raibh na cainteanna ag pointe áirithe i gcomhchainteanna leis an Choimisiún. Bhí clár socraithe ag an am ag fo-scéim do Roinn na Gaeltachta. Tógadh an t-ullmhuchán sin agus cuireadh é i gcomhthéacs an phlean don Oidhreacht a bhi curtha ar aghaidh go dtí an Coimisiún. Sin mar a tharla sé agus ag an bpointe seo, mar a luaigh mé, tá airgead uile do chúrsaí Gaeltachta scaipthe ar chláracha éagsúla — mar a dúirt mé, ceann i leith cúrsaí tionscail agus fostaíochta ar leibhéal amháin agus ceann atá ag plé le cúrsaí mara ar leibhéal eile agus mar sin de. Tá na suimeanna aimsithe. Ach ní bheadh sé ceart a rá agus níl sé á rá nár ghlacadh aon seans chun cás na Gaeilge a dhéanamh. Tá an t-ullmhúchán go léir a bhí déanta don Ghaeltacht roimhe seo taobh istigh de na moltaí a cuireadh ar aghaidh i leith cúrsaí oidhreachta agus tá gach cás déanta ina leith sin.

Mar a fheicimid sa leabhrán seo FÍS.

Gan taispeáint.

Sea. Ní thaitníonn sin leatsa — an leabhrán sin. Tá sé soiléir ó thaobh oidhreachta de nach é oidhreacht na Gaeilge nó na Gaeltachta atá i gceist ag an Aire ó thaobh airgead a fháil on gComhphobal de. An raibh an Roinn nó oifigigh na Roinne i dteangbhacha Neamhfhorleathana maidir le cabhair a fháil don Ghaeilge? Má bhí ar tháinig aon toradh air sin?

Is cuimhin liom gur thug mé freagraí ar cheisteanna mar seo cheana, b'fhéidir an bhliain seo caite. B'fhéidir go mba chóir don Teachta an record a cheartú mar an uair sin bhí cainteanna ag oifigigh ó mo Roinnse leis an gComhphobal maidir le Teilifís na Gaeilge mar shampla. Bhí sé mar aidhm agamsa Teilifís na Gaeilge a bhunú. Bhí an gealltanas sin tugtha. Agus ní raibh sé sa Chlár Rialtais idir Fianna Fáil agus na Progressive Democrats nuair a bhí an Teachta féin ag feidhmiú mar Aire.

Éirí as. Éirí as. Tá sé sin an-suarach.

An tAire gan aon chur isteach air.

Bhí sé scríobhtha ag gach páirtí sa Teach ina gcuid election literature ach ní raibh sé sa Chlár. Sin an fhírinne. Is fédir é a ligint mar sin. An rud atá suarach ná a bheith ag iarraidh a rá nach nglacann muidne leis an nGaeilge agus le cúrsaí na Gaeltachta mar oidhreacht. Tá níos mó caite faoin teideal Oidhreacht taobh istigh den Ghaeltacht agus ar an nGaeilge sa dá bhliain atá imithe ná mar a caitheadh leis na blianta. Tá sé sin fíor agus tuigeann gach teaghlach sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht go bhfuil sé fíor.

Éiríonn an tAire anbhuartha nuair a chuireann daoine ceist air. Go bunúsach nach n-aontaíonn sé gur thug an-chuid daoine sa Teach seo cabhair ó thaobh Theilifís na Gaeilge de, go háirithe Cathal Ó hEochaidh fiú amháin, Máire Geoghegan-Quinn agus roinnt daoine eile. Ach an cheist agam air ná nach olc an scéal é dáiríre nach bhfuil clár speisialta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag Coimisiún na hEorpa? An bhfuil sé ag rá linn go bunúsach gur theip air an cheist sin a chur i bhfeidhm ar an Rialtas nó cad a tharla? Cén fáth nach raibh clár speisialta ann don Ghaeilge?

Tá freagra simplí air sin. Bhí orm glacadh le comhairle do chomhleacaí, Ceannaire Fhianna Fáil faoi láthair, an Teachta Bertie Ahern. Caithfidh mé a bheith féa ráilte leis an Rialtas a bhí ann chomh maith. Bhí na cainteanna idir an Coimisiún agus an Rialtas ag pointe áirithe agus bhí sé ródhéanach cláracha nua a cheapadh. Ag an bpointe sin chuir mé gach moladh a bhí ag mo Roinn taobh istigh de Fhochláracha agus glacadh leis sin ag an Roinn Airgeadais agus aimsíodh an t-airgead taobh istigh de na cláracha. Níl aon dul amú faoi. Tá sé rí-shoiléir agus tá na figiúirí ar fáil ag aon Teachta a bhfuil siad ag teastáil uaidh nó uaithi.

(Donegal South-West): Os rud é go bhfuil síocháin sa tír i láthair na huaire agus go bhfuil an oiread sin daoine sa Tuaisceart a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, an gceapann an tAire go bhfuil an t-am tagtha anois iarratas a chur go dtí an Eoraip tré Tionscnamh Delors agus an 300 milliún ECU atá ag teacht go dtí an Oileán go léir chun a iarraidh orthu cuidiú le Teilifís na Gaeilge. Ar ndóigh cuireann gach Teachta sa Teach seo fáilte roimh Theilifís na Gaeilge. Chomh luath agus a bheidh sé againn beidh sé ag cuidiú leis an nGaeilge agus an cultúr a chur chun cinn. Ach an nglacann sé anois os rud é go bhfuil an oiread sin suime ag muintir an Tuaiscirt agus muintir an Deiscirt — muintir an Tuaiscirt ach go háirithe — sa Ghaeilge, gur chóir go mbeadh Teilifíse na Gaeilge ag freastal ar an tír go léir. B'fhéidir go bhfuil an t-am tagtha anois usáid a bhaint as Tionscnamh Delors chuige sin.

Tá ciall ag baint leis an moladh atá a dhéanamh ag an Teachta agus tá mé buíoch de as ucht é a chur ar aghaidh. Tá cainteanna leanúnacha ar siúl agus tuigfidh an Teachta go raibh beagán brú orm foinsí airgid a fháil do Theilifís na Gaeilge. Tá an ceart aige go mba chóir dúinn aon fhoinse is féidir linn a usáid chun airgead a fháil. Tá an ceart aige chomh maith go bhfuil Teilifís na Gaeilge bunaithe ar an bprionsabal gur chóir go mbeadh an Ghaeilge ar fáil ar fud an oileáin ar fad. Tá seansanna eile againn faoi scéimeanna eile nach luafaidh mé mar níl aon fhogra agam inniu fúthu ach tá seansanna againn sin a dhéanamh agus beimid buíoch as aon chabhair is féidir leis an Teachta a thabhairt dúinn san Eoraip.

B'fhéidir go gcuirfidh an tAire grianghraf de féin isteach san iarratas agus b'fhéidir go mbeidh sé in ann an t-airgead a fháil mar sin.

An mbeidh airgead faoi leith ar fáil chun cabhrú le Teilifís na Gaeilge? An bhfuil scéim faoi leith sa Bhruiséal agus muna bhfuil an mbeidh tú in ann iarratas speisialta a chur isteach chun an t-airgead a fháil, airgead speisialta chun abhrú le Teilifís na Gaeilge, go háirithe i gcás Bhaile Átha Cliath?

D'fhéadfaí úsáid a bhaint as foinsí eile airgid a dhíreofaí ar thraenáil, mar shampla, rud atá an-tábhachtach agus a bhfuil ár n-intinn leagtha air faoi láthair. Maidir le moltaí eile, mar shampla, cláir a dhéanamh ar bhonn comhoibrithe, agus mar sin de, d'fhéadfaí na moltaí éagsúla a mheas. Tá an cheist sin á scrúdú faoi láthair. Aontaím leis an Teachta agus, chun críoch a chur leis seo, tá mé buíoch den dá thaobh den Teach as an tacaíocht atá siad ag tabhairt don chóras nua teilifíse.

Caithfidh an tAire glacadh leis gur thug gach páirtí sa Teach seo tacaíocht don togra Teilifís na Gaeilge a bhunú agus go raibh an obair sin ar siúl i bhfad sular tháinig sé féin isteach in oifig, agus is ceart agus cóir gur mar sin a bheidh sé an t-am ar fad agus nach mbeadh aon chonspóid idir páirtithe faoi aidhmeanna agus dhul chun cinn Theilifís na Gaeilge. B'fhearr moladh agus buíochas a chloisteáil ón Aire gur mar sin atá agus gan a bheith ag iarraidh bheith bheith suarach. B'fhéidir nach raibh sin i gceist aige ach sin an chaoi ar thaispeáin se é féin nó sin an chuma a bhí ar an scéal. Thug Fianna Fáil, an Páirtí Daonlathach. Fine Gael, gach aon cheann de na hurlabhraithe tacaíocht do thogra Theilifís na Gaeilge. Lean ar aghaidh mar sin agus beimid go léir d'aonghuth.

During the previous Government's period in office I answered this question twice in Irish and for fear it might get lost, I will answer it in English now. I accept the support for Teilifís na Gaeilge from Members on all sides of the House. I was placed under the misapprehension by the Deputy on one occasion that a commitment to Telifís na Gaeilge had been included in the joint Programme for Government published by the Government of which his party was a member. When I examined the matter I discovered it was included in the election programmes of all parties. That was the point I wanted to correct. Níl aon fhonn orm bheith suarach, ach caithfidh mé bheith féaráilte agus díreach ó thaobh na fírinne de.

Top
Share