Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Mar 1995

Vol. 450 No. 1

Written Answers. - Ionad do Scríbhneoirí.

Liz O'Donnell

Question:

13 D'fhiafraigh Ms O'Donnell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte aige ón gComhairle Ealaíon ar chúnamh a thabhairt chun ionad do scríbhneoirí a bhunú í Ros Muc i gContae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4700/95]

Fuarthas iarratas ar chúnamh airgid i leith na forbartha ar ionad scríbhneora i Ros Muc, Contae na Gaillimhe, faoin Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha, atá á cur i bhfeidhm ag mo Roinnse faoi théarmaí an Chláir Feidhme Turasóireachta 1994-1999, agus glacaim leis gurb é seo an t-iarratas atá i gceist ag an Teachta. Beidh mé ag tabhairt socraithe chun críche go luath i ndáil le measúnú na n-iarratas faoin scéim.

Ag féachaint don líon mór iarratas a fuarthas agus do chastacht an phróiséis meastóireachta, tá an chosúlacht ann go dtógfaidh sé roinnt mhaith ama chun cinnithe a dhéanamh faoi na tograí sonracha a dtabharfar cúnamh airgid dóibh.

Top
Share