Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Mar 1995

Vol. 450 No. 1

Written Answers. - Cursaí Samhraidh sa Ghaeltacht.

Robert Molloy

Question:

19 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé íocaíocht ar leith ar fáil faoi scéim na mBan Tí chun cabhrú le gasúir a bhfuil a dtuismitheoirí ar ioncam íseal chun freastal ar chúrsaí samhraidh sna Gaeltachtaí: agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4701/95]

Dinny McGinley

Question:

34 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhféadfadh sé a rá cad a íocann a Roinn in aghaidh an lae le mná tí Gaeltachta a choinníonn scoláirí a fhreastalaíonn ar choláistí Gaeilge samhraidh; agus an bhfuil aon phleananna aige leis an táille a íoctar in aghaidh an lae a ardú. [4227/95]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 19 agus 34 le chéile.

Fógraíodh le déanaí go bhfuil méadú ó £3.50 go £4 in aghaidh an lae ceadaithe agam sa deontas a íoctar le teaghlaigh Ghaeltachta lena mbíonn foghlaimeoirí Gaeilge a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht ar iostas acu.

Méadú sa bhreis ar 14 faoin gcéad atá i gceist agus rachaidh an deontas méadaithe go mór chun tairbhe na dteaghlach Gaeltachta, agus go deimhin do thuismitheoirí na bhfoghlaimeoirí.

Níl amhras ach go gcabhraíonn an deontas seo go mór leis na táilliá a ghearrtar ar thuismitheoirí na bhfoghaimeoirí a choimeád chomh híseal agus is féidir agus níl sé i gceist agam cúnamh breise a chur ar fáil ag an bpointe seo.

Top
Share