Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Mar 1995

Vol. 450 No. 1

Written Answers. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Michael McDowell

Question:

33 D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl cé mhéad deontas faoi scéim Leabhairt na Gaeilge a íocadh sa scoilbhliain 1993-1994; agus an bhfuil sé sásta le toradh na n-athruithe ar an scéim seo; agus an bhfuil sé i gceist aige aon athruithe eile a dhéanamh ar an scéim. [4698/95]

Íocadh deontas faoi scéim Labhairt na Gaeilge le 2,973 teaghlaigh sa Ghaeltacht sa scoilbhliain 1993-94. Táim sásta leis an toradh atá á fháil ón scéim ó leasaíodh í agus níl sé beartaithe agam athruite sonracha eile a dhéanamh ar an Scéim faoi láthair.

Top
Share