Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Mar 1995

Vol. 450 No. 1

Written Answers. - Coimisiún Athbhreithnithe.

Desmond J. O'Malley

Question:

51 D'fhiafraigh Mr. O'Malley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, i dtaobh an Choimisiúin chun athbhreithniú a dhéanamh ar obair agus éifeachtacht na n-eagraíochtaí Gaeilge, cén dáta a bhunófar an Coimisiún seo; an mbeidh sé de dhualgas ar an gCoimisiún seo moltaí ar thairiscintí faoi leith a chur sa Tuarascáil; cé na critéir a bheidh leagtha síos dóibh; cé mhéad daoine a bheidh ar an gCoimisiún agus cé leis a bheidh siad ag feidhmiú; agus cén tachar ama a bheidh acu chun a dtuarascáil a fhoilsiú. [2160/95]

Fógraíodh sa Chomhaontú Beartais don Rialtas Athnuachana go mbeadh Coimisiún den chineál sin á bhunú agus tá an réamhobair chuige sin ar siúl faoi láthair.

Top
Share