, Limerick East): Sa chéad áit tá cúram ar Bhord Sláinte an Iarthair cóireáil fhadtéarmach a sholáthar i gContae na Gaillimhe.
Deir an bord sláinte liom go nglactar le gach éinne a bhfuil cúram fadtéarmach ag teastáil uathu isteach i dTeach Banaltrais Naomh Breandáin, Baile Locha Riach agus iad siúd a bhfuil cónaí orthu i nGaillimh Thiar déantar iad a aistriú chuig cúram fadtéarmach in Ospideál Réigiúnach Pháirc Mheirlin chomh luath agus is féidir. Tá deis agus áiseanna ar fáil sa dá ionad chun riachtanaisí éagsúla an othair chleithiúnaigh, fhadtéarmaigh á shásamh.
Déantar glacadh isteach i dteach banaltrais don aois, Áras Mhic Dara, Ceathrú Rua san áireamh, díreach ón bpobal nó ó ionad lóistín fadtéarmach ach i ngach cás sé an príomh mheas ná go bhfuil an t-othar siúlach agus nach bhfuil cúram meidicúil níos mó ná mar atá ar fáil de dhíth air. Os rud é go bhfuil an lucht oibre sna tithe banaltrais do aois níos ísle ná mar atá sna hionaid seasta ní féidir i ngach cás aistriú a dhéanamh ó Theach Banaltrais Naomh Breandáin, Baile Locha Riach go dtí Áras Mhic Dara nó aon teach eile do aois. Ag an am céanna déanann an bord sláinte gach iarracht aistriú a shocrú chuig Ospidéal Pháirc Mheirlin más main leis an othar agus má tá sé sin níos caothúla dá ghaolta.