Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Mar 1995

Vol. 450 No. 1

Written Answers. - Togra Choiste Gaillimh le Gaeilge.

Robert Molloy

Question:

66 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an mbeadh sé sásta athsmaoineamh a dhéanamh ar an togra dar teideal Gaillimh (Galway)-Celtic/Irish World Centre, atá curtha os a chomhair ag an gCoiste Gaillimh le Gaeilge agus ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2158/95]

Fuarthas iarratas ar chúnamh airgid i leith togra Gaillimh (Galway) — Celtic Irish World Centre faoin Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha, atá á cur i bfeidhm ag mo Roinnse faoi théarmaí an Chláir Feidhme Turasóireachta 1994-99. Beidh mé ag tabhairt socraithe chun críche go luath i ndáil le measúnú na n-iarratas faoin scéim.

Ag féachaint don líon mór iarratas a fuarathas agus do chastacht an phróiséis meastóireachta, tá an chosúlacht ann go dtógfaidh sé roinnt mhaith ama chun cinnithe a dhéanamh faoi na tograí sonracha a dtabharfar cúnamh airgid dóibh.

Top
Share