Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Mar 1995

Vol. 450 No. 1

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Scéim na mBóithre Áise.

Éamon Ó Cuív

Question:

4 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a bheidh sé i gceist aige airgead na mBóithre Áise a cheadú i mbliana. [3248/95]

Éamon Ó Cuív

Question:

15 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige airgead a chaitheamh ar bhóithre portaigh i gConamara faoi Scéim na mBóithre Aise i 1995. [4650/95]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 4 agus 15 le chéile.

Faoi Scéim na mBóithre Áise is féidir deontais a cheadú i leith bóithre áise agus bóithre portaigh. Beidh moladh á chur faoi mo bhráid go luath maidir le dáileadh soláthar 1995 le haghaidh na scéime chun gur féidir na deontais a cheadú go luath i mbliana le go mbeidh deis ag na hÚdaráis Áitiúla tabhairt faoi na hoibreacha le linn an tsamhraidh.

Is beag iarratas a fhaightear ar dheontas i leith bóthair phortaigh — baineann formhór na n-iarratas le bóithre chuig tithe.

I dtosach báire, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Stáit as ucht a fhreagra, ach an bhféadfadh sé sainmhíniú a thabhairt ar go luath mar anuraidh níor fógraíodh airgead na mbóithre go dtí mí na Samhna agus, an bhliain roimhe, níl a fhios agam arbh é mí na Samhna nó mí na Nollag a bhí ann, agus, mar sin de, an bhféadfadh an tAire stáit a rá liom cad é go dírach atá i gceist le go luath, nó an bhféadfadh sé a dheimhniú go bhfógrófar airgead na mbóithre roimh dheireadh mhí Márta.

Tá soláthar de £250,000 ag mo Roinn le caitheamh ar na bóithre i mbliana. Beidh suim airgid ar fáil do gach contae Gaeltachta agus beidh an tsuim sin ag breath ar dhaonra an limistéir Ghaeltachta sa chontae sin.

An cheist a chuir mé ná céard atá i gceist le go luath, sé sin, an bhféadfadh sé a dheimhniú dom go bhfógrófar an t-airgead nó cén áit a chaithfear an t-airgead roimh dheireadh mhí Márta. Freisin an bhféadfadh sé a rá liom cén bealach atá i gceist aige na bóithre a roghnú. An dtabharfar tús áite do na hiarratais cháilithe ó na blianta 1993 i dtosach agus 1994?

Is é an caiteachas a déanadh i mbliana, i 1994, ná £211,000. Sa bhliain sin chaith mo Roinn £68,000 i gContae Dhún na nGall; £31,000 i gContae Mhuigh Eo: £79,000 i gContae na Gaillimhe; £27,000 i gContae Chiarraí agus £7,000 i gContae Chorcaí. Tá mo Roinn ag déanamh feabhsuithe ar an scéim sin agus tá súil agam go mbeidh an scéim nua ar fáil go luath.

Tá an cheist Chéanna curtha agam faoi dhó agus níl freagra nó iarracht ar fhreagra tugtha dom ar an gceist sin. D'iarr mé faoi dhó go n-inseofaí dom céard a chiallaíonn go luath agus an bhféadfadh an tAire Stáit a rá liom go bhfógrófar na bóithre seo roimh dheireadh mhí Márta. Ta sé thar a bheith mí-shásúil seasamh suas agus ceist a chur faoi dhó agus gan aon iarracht ar fhreagra a fháil. Tá sé ag cur mo chuid ama amú a bheith ag cur na gceisteanna arís agus arís eile. Freisin, ba mhaith liom a fhiafraí den Aire Stáit an gceadófar airgead do bhóithre nach bhfuil iarratais déanta ar a son agus an dtiocfar i gcomhairle le comhairleoirí de Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis na bóithre contae go gceadófar airgead ina leith ó tharla go gcuireann an Chomhairle Chontae leath an airgid ar fáil do na bóithre sin.

Tá iarracht fé leith le déanamh ag an Roinn chun an scéim sin a fheabhsú agus níl tuilleadh le rá agam.

Táimíd ag dul ar aghaidh go dtí ceisteanna eile. An cheist dheiridh agus ceist ghairid, a Theachta.

An bhféadfainn don cheathrú huair a fhiafraí céard atá i gceist le "go luath" agus an bhféadfadh an tAire nó an tAire Stáit a dheimhniú dom an mbeidh na bóithre fógartha roimh dheireadh mhí Márta nó nach mbeidh.

Déanfaidh mise iarracht fé leith chun an scéim a thabhairt isteach chomh luath agus is féidir. Cad eile atá ag teastáil ón Teachta Dála?

Níl cead ag an Teachta cur isteach. Ceist a 5 le bhur dtoil.

Ba mhaith liom ceist a chur.

Ní féidir leat ceist a chur.

Ar phointe oird, tá tusa tar éis cead a thabhairt ceist a 22 a thógaint ar an gclár. Do chuireas an cheist chéanna agus bhí ort é a dhícheadú. Chomh maith leis sin, bhí ort——

Ar aghaidh go dtí Ceist a 5.

An bhfuil baint ag an Roinn leis an gcinneadh chun mo cheist a dhícheadú?

Ní chuireann mo Roinn isteach ar obair nó ar oifig an Cheann Comhairle. Aon rud atá le rá ag an Teachta, glacfaimid leis. Glacaimidne le neamhspleáchas oifig an Cheann Comhairle.

Top
Share