Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Mar 1995

Vol. 450 No. 1

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Deontais Tithíochta Gaeltachta.

Mary Harney

Question:

5 D'fhiafraigh Miss Harney den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé eolas ar fáil faoi leibhéal na ndeontas tithe atá ar fáil ar an mórhír agus ar oileáin áirithe amach ón gcósta; an dáta a socraíodh leibhéal na ndeontas sin; an bhfuil sé i gceist aige na deontais sin a ardú chun iad a choimeád ar aon chéim leis an ráta boilscithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4703/95]

John O'Leary

Question:

16 D'fhiafraigh Mr. O'Leary den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar na deontais tithíochta sa Ghaeltacht de bharr na n-arduithe atá tagtha ar chostais tógála sa Ghaeltacht le roinnt blianta. [4716/95]

Ned O'Keeffe

Question:

29 D'fhiafraigh Mr. E. O'Keeffe den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar na deontais tithíochta sa Ghaeltacht de bharr na n-arduithe atá tagtha ar chostais tógála sa Ghaeltacht le roinnt blianta. [4715/95]

Seamus Kirk

Question:

39 D'fhiafraigh Mr. Kirk den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar na deontais tithíochta sa Ghaeltacht de bharr na n-arduithe atá tagtha ar chostais tógála sa Ghaeltacht le roinnt blianta. [2072/95]

Brendan Smith

Question:

52 D'fhiafraigh Mr. B. Smith den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar na deontais tithíochta sa Ghaeltacht de bharr na n-arduithe atá tagtha ar chostais tógála sa Ghaeltacht le roinnt blianta. [4717/95]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 5, 16, 29, 39 agus 52 le chéile.

Tá na huasdheontais seo leanas ar fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) faoi láthair:

Deontas

Mórthír

Oileáin áirithe Ghaeltachta

£

£

Teach Nua

4,000

6,000

Feabhsucháin

3,000

4,500

Díon Tuí

2,300

3,450

Tá an deontas tógála i bhfeidhm ó mhí Feabhra 1993 agus an deontas feabhsúcháin ó mhí Lúnasa 1987. Tá an deon tas breise díon tuí bhfeidhm ó mhí Aibreán 1990.

Níl sé beartaithe agam athruithe sonracha a dhéanamh faoi láthair ar leibhéal na ndeontas atá ar fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht).

Go deimhin, cuireann sé iontas orm an méid imní atá a léiriú ag an oiread sin Teachtaí de chuid Fhianna Fáil faoi na deontais sin ag an bpointe seo, agus gan ach roinnt míonna imithe ó ghearr a gcomhleachaithe a bhí ag gníomhú mar Rialtas ag an am na putóga as na meastacháin tithíochta céanna ar 29 Samhain 1994. B'fhéidir nach gcreidfeadh daoine go mbaineann na Teachtaí seo leis an bpáirtí céanna a ghearr £800,000 — breis agus 63 faoin cead — as na meastacháin tithíochta Gaeltachta a bhí aontaithe do 1995, rud a chiallódh go mbeadh deireadh leis na deontais feabhsúcháin tithe. Bhí ormsa, mar thoradh ar sin, cuid mhór ama agus oibre a chaitheamh ó d'fhill mé ar an Roinn roimh Nollaig ag iarraidh an t-airgead sin a fháil ar ais, i dtreo is go mbeadh dóthain airgid ar fáil do na deontais tithíochta Gaeltachta i 1995.

An nglacfadh an tAire leis nach bhfuil sé sásúil go bhfuil deontais ann do thithe Gaeltachta nár ardaíodh ó 1987, cinn eile nár ardaíodh ó 1990 agus cinn eile nár ardaíodh ó 1993. An nglacfadh sé leis go bhfuil arduithe móra tagtha ar chostais tógála sa tréimhse sin agus go bhfuil costas de beagnach 50 faoin gcéad sa bhreis ar theach a thógáil ar oileán ná ar an mhórthír agus go bhfuil sé riachtanach go mbeadh deontas sásúil ar fáil chun cabhrú le daoine tithe a thógáil. An mbeadh sé sásta a chur in iúl don Teacht go bhfuil sé den tuairim gur chóir na deontais seo a ardú agus go ndéanfaidh sé smaoineamh air sin.

Mar a dúirt mé, an chéad jab a bhí agam ná an scéim féin a chosaint agus tuigfidh an Teachta ón am a bhí sé féin sa Rialtas go ndéantar ionsaí gach bliain, beagnach, ar an scéim mar nach bhfuil sé ar fáil taobh amuigh den Ghaeltacht. Ag glacadh leis an méid a bhí le rá ag an Teachta Molloy, is fíor nár tháinig méadú ar an deontas le deich mbliana beagnach ach caithfidh mé é sin a chur i gcóthéacs chosaint agus leathnú na scéime. Is féidir liom a rá ag an bpointe seo chomh maith go bhfuilim ag déanamh coimriú ar an scéal iomlán agus b'fhéidir agus é sin á dhéanamh agam go mbeadh am agam féachaint ar na costais atá ag baint leis. An rud atá tábhachtach mar a dúirt mé ná go bhfuil an scéim ghinearálta faoin dtír imithe. Tá scéim mhaith ann agus ba chóir é a choimeád sa Ghaeltacht áit a bhfuil go leor seandaoine. Chomh maith leis sin ar na hoileáin tá costais speisialta i gceist maidir le hobair thógála agus fheabhsúcháin.

I gcóthéacs na scéime agus an choimriú a bheidh á dhéanamh air, beidh mé sásta féachaint air go ginearálta ach ní féidir liom agus nílim ag tabhairt geallúintí ag an bpointe seo.

Ba mhaith liom go ndéanfadh an tAire soiléirú ar rud amháin a dúirt se, sé sin, go raibh gearradh siar de 63 faoin gcéad ar an airgead a cuireadh ar fáil i leith scéimeanna tithíochta sa Ghaeltacht a thug an Rialtas mionlaigh chun tosaigh sna meastacháin. An gciallaíonn sé sin ná go raibh sé socraithe aga an Rialtas sin deireadh a chur leis na deontais tithíchta agus deontais fheabhsúcháin Ghaeltacht? An é sin a bhí i gceist nó an bhféadfadh an tAire barúil a thabhairt dúinn faoi sin? Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh a fhios againn cad a tharla.

Tá an méid atá ráite agam fíor. Nuair a d'fhág mé an Rialtas a bhí ann ag tús mhí na Samhna seo caite bhí figiúr socraithe agam leis an Roinn Airgeadais. Nuair a tháinig mé arais bhí an figiúr ciorraithe siar mar a léirigh mé i mo fhreagra ar na Teachtaí.

(Donegal South-West): An nglacfadh an tAire leis go bhfuil deacrachtaí ag seandaoine atá ag cur isteach ar na deontais seo maidir le huimhreacha cánacha? An ndéanfadh sé achainní chuig an Roinn Airgeadais nó leis na Coimisinéirí Ioncaim féachaint an fédir uimhir an seanphinsin nó a n-uimhreacha leasa shóisialaigh a chur isteach? Nílim ag súil le freagra anois ach b'fhéidir go labharfadh sé lena chomhleacaithe san Roinn Airgeadais i dtaobh na ceiste seo.

Tá sé tábhachtach nach mbeadh deacrachtaí thar an ngnáth an daoine agus caithfimid a chur san áireamh i gcónaí nuair atáimid ag plé le seandaoine gan ionomarca oibre a chur orthu maidir le líonadh foirmeacha agus mar sin de. Ach é sin ráite, tá coinníollacha eile ann agus caithfear an dlí a chomhlíonadh. Má tá deacrachtaí speisialta ann, beidh mé sásta breathnú ar an scéal go báúil ar mhaithe leis na daoine atá ag baint úsáid as.

Ar aghaidh go Ceist a 7.

Top
Share