Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 22 Mar 1995

Vol. 450 No. 8

Written Answers. - Saoráidí Calaíochta.

Mary Coughlan

Question:

93 D'fhiafraigh Miss Coughlan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil socruithe ar bith déanta le céidh Mhachaire Rabhartaigh, Contae Dhún na nGall, a chóiriú. [5945/95]

Fuarthas iarratas le déanaí ar chúnamh chun na saoráidí calaíochta ag Machaire Rabhartaigh a fheabhsú agus tá an t-iarratas sin á mheas ag mo Roinnse faoi láthair i gcomhairle le Roinn na Mara agus le Comhairle Chontae Dhún na nGall.

Top
Share