Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 22 Mar 1995

Vol. 450 No. 8

Written Answers. - Liúntas do Phobal Oileáin Árann.

Máire Geoghegan-Quinn

Question:

96 D'fhiafraigh Mrs. Geoghegan-Quinn den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige an liúntas a ardú do phobal Oileáin Árann le go n-ísleofaí an costas iompair do na hoileánaigh. [6018/95]

Tá socrú i bhfeidhm faoina gceannaíonn Údarás na Gaeltachta méid áirithe uaireanta eitilte ó Aer Árann d'fhonn praghas na dticéad a bhíonn le híoc ag na hoileánaigh a laghdú. Suim £150,000 atá i gceist in aghaidh na bliana faoi láthair.

Mar is eol don Teachta, ní foláir, baineann ceist na seirbhísí farantóireachta chuig na hOileáin Árann leis an Aire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide.

Top
Share