Chomh maith le mo chuid freagrachtaí mar Aire Stáit d'Fhorbairt an Iarthair agus d'Athnuachan Tuaithe, tá freagracht tugtha dom i ndáil le toscaí maireachtála a fheabhsú ar na hoileáin amach ón gcósta.
Tá freagracht ar Airí ar leith i ndáil lena gcuid feidhmeanna sonracha féin a mbíonn éifeacht acu ar phobail na n-oileán, mar shampla, tithíocht, bóithre, cúram sláinte, soláthar cumhachta agus gnéithe de sheirbhísí farantóireachta.
Ceapadh mé le déanaí mar Chathaoirleach an gCoiste Comhordaithe Idir-Rannúil um Fhorbairt na n-Oileán. Mar Chathaoirleach an Choiste beidh sé mar chúram orm iarrachtaí an Rialtais ar mhaithe leis na bpobal ar na hoileáin amach ón gcósta a chomhordú. Cheana féin, táim taréis nithe áirithe a phlé leis an gCoiste — ar a n-áirítear teacht i dtír chuig na hoileáin agus líon mór ábhar eile a bhfuil comhshuim ag na daoine atá ina gcónaí ar na hoileáin sin iontu.
D'iarr mé ar an gCoiste an cheist maidir le soláthar sheirbhísí farantóireachta do phobail ar na hoileáin amach ón gcósta a athbhreithniú d'fhonn réiteach a fháil ar na fadhbanna a ardaíodh liom le déanaí le linn cruinnithe le hionadaithe ó na hoileáin.