Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Apr 1995

Vol. 451 No. 6

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Dinny McGinley

Question:

77 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon pleananna ag Údarás na Gaeltachta réamh-mhonarcha a thógáil le tionscal a bhunú i gceantar an Bhrocaigh sa Ghaeltacht Láir i nDún na nGall. [7083/95]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil i gceist acu foirgneamh tionsclaíoch a thógáil sa cheantar a luaithe is féidir agus go bhfuiltear ag feidhmiú i gcomhar leis an bpobal áitiúil d'fhonn suíomh oiriúnach a aimsiú.

Top
Share