Ní hé seo an chéad uair nach raibh an tAire féin i láthair le haghaidh rúin ar an athló. Is údar díomá dom nach bhfuil sí anseo. Chualamar go leor faoin bPáipéar Bán ar chúrsaí oideachais. Chualamar go leor faoi cad a bhí in ann do scoileanna na tíre seo agus faoi chúrsaí bainistíochta, ach ní raibh focal ar bith ann maidir leis na scoileanna beaga tuaithe. Is cosúil gurb é rún an Aire na scoileanna tuaithe a laghdú agus a lagú agus ligint do mhúinteoirí imeacht as éadan ó na scoileanna beaga tuaithe de réir mar a bheidh daonra ghasúr na tíre ag laghdú. Tá fhios ag an saol Fódhlach go dtiocfaidh laghdú de 80,000 ar líon na ngasúr a bheidh ag freastáil ar bhunscoileanna thar tréimhse sé bliana. Níl aon rud déanta ag an Aire áfach chun a chinntiú nach gcaillfidh go háirithe na scoileanna beaga tuaithe a gcuid múinteoirí. Fágann sé seo go bhfuil baol ann nach mbeidh ach oide amháin fágtha in go leor de na scoileanna beirt oide atá ann faoi láthair. Is amhlaidh freisin do na scoileanna triúr oide a fhágfar le beirt oide amach anseo.
Tá mé anseo anocht ag déanamh cáis do scoil náisiúnta Oileán an Chnoic, atá suite i gceantar na n-oileán i gConamara. Le cúpla bliana anuas chaill roinnt scoileanna éagsúla i gConamara an cúntóir i scoileanna beirt oide. Ar na scoileanna sin bhí Scoil an Ghoirt Mhóir, Ros Muc, Scoil Fearann na Coirce in Inis Mór, Scoil an Líonáin, agus anois tá Scoil Oileán an Chnoic i Leitir Mealláin. Is cosúil nach bhfuil aon pholasaí ag an Aire leis an meath seo a stopadh. Ceantar Gaeltachta é ceantar na n-oileán. Ceantar é a bhfuil an Ghaeilge an-láidir ann i gcónaí. Bíonn an Stát ag maíomh go bhfuil sé mar pholasaí aige an Ghaeilge a chur chun cinn ach cad is féidir le muintir na Gaeltachta a cheapadh nuair a fheiceann siad go bhfuil na múinteoirí á dtógáil as na scoileanna agus líon na scoileanna aon oide ag méadú in aghaidh na bliana.
Iarraim ar an Aire an cinneadh atá tógtha i gcás na scoile seo, a bhfuil beirt is fiche fós fágtha ar an rolla, a athrú, agus a chinntiú go mbeidh beirt oide sa scoil seo, sé sin príomh oide agus cúntóir, an bhliain seo chugainn.
Mura ndéanfar é seo is fánach don Aire a bheith ag caint ar oideachas trí Ghaeilge agus ar shlánú na Gaeltachta, agus beidh sí ag fágáil pobal eile ar an ngannchuid de bharr easpa pholasaí na Roinne i leith na scoileanna beaga. Ní gá domsa a rá cé chomh dona is atá sé do phobal ar bith má scriostar an scoil trín í a laghdú go dtí aon oide. Níl sé féaráilte ach oiread do na hoidí atá ag iarraidh a bheith ag múineadh ó na naoineáin bheaga suas go dtí rang a sé sa bhunscoil má tá orthu iomlán an ualaigh a iompar.
Tá súil agam mar sin go mbeidh deascéala ag an Aire Stáit atá i láthair anocht dom maidir leis an gceist seo agus go mbeidh sé le fógairt go bhfuil polasaí na Roinne le n-athrú maidir le scoileanna beaga na tuaithe agus go bhfágfar na múinteoirí atá sna scoileanna sin iontu. Tá súil agam nach leanfar le tógáil múinteoirí as na scoileanna beaga seo agus iad a chur isteach go dtí na cathracha móra.