Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 31 May 1995

Vol. 453 No. 7

Written Answers. - Cúnamh do Chomharchumainn Ghaeltachta.

34. D'fiafraigh

den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige airgead aon uaire a chur ar fáil do chomharchumainn áirithe mar chabhair dóibh chun leibéal réasúnta feidhme a shroisint; agus muna bhfuil, cé na comharchumainn atá i gceist. [9828/95]

Tá cúnamh substaintiúil á chur ar fáil ag mo Roinnse le fada do chomharchumainn Ghaeltachta áirithe ar mhaithe le forbairt pobail a chur chun cinn ina gceantair fheidhme chomh maith le seirbhísí riachtanacha a sholáthar don phobal.

Tar éis do mo Roinnse athbhreithniú a dhéanamh ar ról na gcomharchumann bhí mé sásta go raibh gá le méadú substaintiúil a dhéanamh ar na deontais reachtála a íoctar le comharchumainn áirithe le go mbeidh siad in ann feidhmiú níos éifeachtaí. Mar thoradh shocraigh mé le déanaí na huasdheontais reachtála bliantúla gur féidir a íoc á méadú i gcás na gcomharchumann ar an mórthír ó £20,000 go £28,000 agus ó £22,000 go £40,000 i gcás na gcomharchumann ar oileáin Ghaeltachta amach ón gcósta.

Ba i ngeall ar na costais mhaireachtála a bheith níos airde ar na hoileáin a rinneadh méadú chomh mór sin i gcás na gcomharchumainn ansin. Ó shin i leith, áfach, rinneadh achainíocha láidre liom nach raibh cothromaíocht idir na huasdheontais ar an mhórthír agus iad siúd ar na hoileáin. Tá an cás sin athscrúdaithe agam agus is áthas liom a rá go bhfuil an t-uasdheontas do chomharchumainn ar an mhórthír á mhéadú anois agam go £33,000.

Os rud go dtiteann costais riaracháin ar na comharchumainn ar bhonn leanúnach táim sásta, i gcoitinne, gur mar dheontais reachtála méadaithe, seachas mar airgead aon uaire, is fearr cabhrú leo.

Top
Share