Michael P. Kitt
Question:46 D'fhiafraigh Mr. M. Kitt den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé hiad na foilseacháin a fhaigheann deontas óna Roinn; agus an méid deontais a fhaigheann gach ceann de na foilseacháin sin. [9834/95]
Vol. 453 No. 7
46 D'fhiafraigh Mr. M. Kitt den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé hiad na foilseacháin a fhaigheann deontas óna Roinn; agus an méid deontais a fhaigheann gach ceann de na foilseacháin sin. [9834/95]
Tá an t-eolas maidir leis na deontais a íocann mo Roinnse i leith foilseachán Gaeilge i bhfoirm tábla agus cuirfear timpeall é sa Tuairisc Oifigiúil.
Anuas ar na cásanna a luaitear sa Tábla íoctar deontais mar chabhair chun irisí áitiúla Gaeltachta a fhoilsiú.
Foilseachán |
Líon uaire a fhoilsítear |
Deontas in aghaidh an eagrán |
£ |
||
ANOIS |
seachtainiúil |
3,500 |
COMHAR |
míosúil |
1,175 |
AN tULTACH |
míosúil |
1,000 |
AN TIMIRE |
ráithiúil |
600 |
AGUS |
míosúil |
575 |
FEASTA |
míosúil |
500 |
AN SAGART |
ráithiúil |
400 |
GAEL OG |
8 n-eagrán sa bhliain |
300 |