Éamon Ó Cuív
Question:47 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige airgead a chur ar fáil do na bóithre i Muighinis faoi scéim na mbóithre áise i mbliana, go mór mhór don bhóthar isteach go Muighinis agus don droichead a ndearna stoirmeacha na bliana seo damáiste dóibh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9804/95]