Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 31 May 1995

Vol. 453 No. 7

Written Answers. - Cumas Gaeilge Oifigigh na Roinne.

Michael P. Kitt

Question:

55 D'fhiafraigh Mr. M. Kitt den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta na céimeanna atá tógtha aige ionas go mbeidh Gaeilge ag na Státseirbhísigh ina Roinn. [9833/95]

Is í an Ghaeilge atá mar ghnáth-theanga in oifigí mo Roinne sa Ghaeltacht agus i gcuid de na Rannóga san Ardoifig.

Nuair a bunaíodh mo Roinnse ag tús na bliana 1993 rinneadh socruithe chun cúrsaí Gaeilge a chur ar siúl sa Roinn, ar mhaithe leis na hoifigigh a tháinig isteach ó Ranna eile Stáit nach raibh de nós acu a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá na cúrsaí sin ar fáil i gcónaí, d'fhonn freastal ar aon riachtanas ó thaobh na Gaeilge de, atá ag foireann mo Roinnse.
Chomh maith leis sin tá gach iarracht déanta agam féachaint chuige go bhfuil cumas Gaeilge ag oifigigh sna gráid ghinearálta a earcaítear ag mo Roinnse.
Top
Share