Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 31 May 1995

Vol. 453 No. 7

Written Answers. - Comharchumainn Ghaeltachta.

Éamon Ó Cuív

Question:

62 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a roghnófar na comharchumainn shamplacha a bheidh mar eiseamláir do na comharchumainn eile de réir an ráiteas uaidh an 11 Iúil 1994. [9823/95]

Is i gcomhthéacs riachtanais oiliúna agus feabhsú éifeachtachta na gcomharchumann Gaeltachta a luaigh mé comharchumainn shamplacha mar chur chuige chun cabhrú leo ón taobh sin de. Tá na féidearthachtaí maidir leis an gcur chuige is fearr i ndáil le forbairt pobail de agus ról na gcomharchumann sa chomhthéacs sin á meas ag mo Roinnse go fóill agus b'fhéidir nach comharchumainn shamplacha an cur chuige a roghnófar ar deireadh thiar.

Top
Share