Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 Jun 1995

Vol. 454 No. 1

Adjournment Debate. - Aistriú an Gúm go Conamara.

Tá an-díoma orm an dara seachtain as a chéile nárabh fhiú leis an Aire teacht isteach agus éisteacht lena bhfuil le rá sa Teach seo. Ní fios dom cé mhéid rún a d'ardaigh mé ar an Athló a bhain leis an Roinn Oideachais ó toghadh i mo Theachta Dála mé. Ach ní dóigh liom gur tharla sé oiread agus uair amháin go raibh an tAire féin ann le mé a fhreagairt. D'fhéadfaí mé a cheartú ar an méid sin ach tá mé a cheapadh go bhfuil an ceart agam. Cuireann sé as dom nach fiú léi plé le gnótha a bhaineann go díreach léi.

De réir mar a thuigim an scéal seo, baineann ceist an Ghúim leis an Aire Oideachais agus leis an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Mura raibh sí féin in ann a bheith i láthair is cúis áiféala é freisin nach raibh mo chomhghleacaí as mo Dháilcheantar féin, an tAire Ealáion. Cultúir agus Gaeltachta in ann a bheith i láthair ach oiread leis an gceist seo a thógáil. Bíodh sin mar atá ba mhaith liom a mholadh go n-aistreofaí An Gúm siar go dtí an Ghaeltacht agus, más féidir, go Gaeltacht Conamara, go Ros Muc. Is iomaí údar atá agam leis an moladh go mba cheart An Gum a aistriú go Ros Muc. Ar an gcéad dul síos tá baint ag an nGúm le foilsiú leabhar agus tá cáil ar Ros Muc ar fud na tíre agus go deimhin taobh amuigh den tír mar áit ar fháisc litríocht an-mhaith as. Níl le déanamh agam ach tagairt a dhéanamh mar shampla do Phádraic Ó Conaire, do Phádraic Óg Ó Conaire agus don Phiarsach féin a chuaigh siar go Ros Muc ag foghlaim na Gaeilge. Sa lá atá inniu ann is pobal é Ros Muc a bhfuil an imirce agus an t-ísliú daonra tar éis scrios a dhéanamh air le 40 bliain. Thaispeánfadh figiúr amháin é seo, is é sin go bhfuil laghdú 40 faoin gcéad tagtha ar dhaonra Ros Muc le 40 bliain anuas. Is é sin le rá íslíonn an daonra aon faoin gcéad gach bliain.

Mar sin tá géarchéim ní amháin ó thaobh na Gaeilge de i Ros Muc ach níos tábhachtaí tá géarchéim ann sa mhéid nach mbeidh éinne fágtha ansin go gairid. Ag an am céanna tá áisíneacht ag an Rialtas a bhfuil gá lena fhorbairt. Tá gá go ndéanfaí An Gúm a fhorbairt sa chaoi is go mbeidh sé in ann téacsleabhair a chur ar fáil do na gaelscoileanna ar fud na tíre agus do na scoileanna eile a bhfuil spéis acu i dtéacsleabhair Ghaeilge.

Cén áit níb fhearr len é sin a dhéanamh ná sa Ghaeltacht? Cén áit níb fhearr lena chinntiú gurb í gnáththeanga an phobail a bheadh sna téacsleabhair seo ná thiar i Ros Muc? Le fada tá an bheirt Aire ag rá go bhfuil siad ag breathnú ar an gceist, féachaint cé acu a bheadh freagrach as An Gúm. Tá sé thar am an cheist sin a fhreagairt agus cinneadh a dhéanamh, ní cé bheidh freagrach an An Gúm ach cá mbeidh sé. Cén mhaith é a fhágáil báite thuas anseo sa phríomhchathair, áit ina bhfuil iliomad gníomhaireachtaí, áit nach ndéanfadh gníomhaíocht bheag ar nós An Gúm mórán difríochta ó thaobh fostaíochta de? Cén fáth nach gcuirfí siar é go pobal a ndéanfadh sé a leas go hiomlán da mbeadh an cineál fostaíochta a bheadh i gceist leis An Gúm curtha ar fáil ann? Ba shlánú do Ros Muc é dá gcuirfí An Gúm siar ann. Feictear dom go mba shlánú don Gúm é freisin mar bheadh sé mór, tábhachtach agus bheadh meas air i Ros Muc. Ar deireadh tá sé in am ag an tír seo tosú ag tabhairt cúnaimh do phobail atá ag obair ar a son féin. I gcás mhuintir Ros Muc tá iarracht mhór déanta acu le cupla bliain anuas teacht aniar aduaidh ar na fadhbanna atá acu. Ní beag le háireamh.

Ní beag le háireamh, mar shampla, go bhfuil áiseanna spóirt curtha ar fáil dóibh féin, go bhfuil £15,060 bailithe acu le páirc pheile a thógáil. Tá sé in am fóirithint a dhéanamh ar na pobail bheaga seo agus mar sin ba mhaith liom iarraidh ar an Aire nó ar an Aire Stáit a chur i láthair an Aire go n-aistreofaí An Gúm siar go Conamara láithreach.

A Cheann Comhairle, tá áthas orm deis a bhaint as an ócáid seo le polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge a athdhearbhú. Glacann an Rialtas go bhfuil fíorthábhacht ag baint leis an Ghaeilge i saol, i gcultúr agus in oidhreacht na tíre. Tá sé mar pholasaí ag an Rialtas úsáid na Gaeilge a chothú agus a leathnú i ngnáthshaol an phobail i gcoitinne agus phobal na Gaeltachta ach go háirithe. Chun na críche seo, leanfar le feabhas a chur ar an seirbhísí Stáit atá ar fáil trí mheán na Gaeilge.

I gcomhthéacs an pholasaí seo aontaíodh mar chuid de chlár an Rialtais —A Government of Renewal— go n-aistreofaí An Gúm ón Roinn Oideachais go dtí An Roinn Ealaíon. Cultúir agus Gaeltachta. Aontaíodh freisin, go ndéanfaí athbhreithniú ar an líon foirne sa Ghúm trí shuirbhé oibre a chuirfeadh an tAonad Seirbhísí Bainistíochta de chuid na Roinne Airgeadais i gcrích. Is ar bhonn thorthaí an tsuirbhé seo a chuirfear an t-aistriú i gcrích.

Tá téarmaí tagartha an tsuirbhé aontaithe leis na Cumainn Fhoirne. Siad na téarmaí tagartha ná: "Scrúdú a dhéanamh ar ról, dualgais, feidhmiú agus líon foirne An Ghúim agus moltaí a dhéanamh ina dtaobh".

Tá ceistneoirí, a thugann sonraí ar a gcuid oibre, cómhlánaithe ag formhór na foirne mar chéad chéim den suirbhé. Tá sé beartaithe tosú go luath le hagallaimh leis na baill fhoirne chun mioneolas breise a fháil ar obair gach ball den fhoireann. Tá mé ag súil go mbeidh torthaí an tsuirbhé ar fáil san fhómhar.

Top
Share