Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 Jul 1995

Vol. 455 No. 4

Written Answers. - Comhionannais do Lucht Labhartha na Gaeilge.

Trevor Sargent

Question:

24 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Comhionannais agus Athchóirithe Dlí an nglacann sé leis nach raibh a Roinn ag cur comhionannais chun cinn nuair a cuireadh litir (sonraí tughta) i mBéarla amháin chuig Oifig Eolais Chonradh na Gaeilge i nGaillimh ar litir í a bhain leis an gComhairle Ealaíon; an gcuirfidh sé an botún seo ina cheart; agus cén plean atá ag an Roinn leatrom ar lucht labhartha na Gaeilge dá leithéid a stopadh agus comhionannas a chur i bhfeidhm. [12195/95]

Tuigim gur seoladh an litir atá i gceist ón bhFo-Choiste Ealaíon agus Cultúir den Choimisiún Um Stádas Daoine le Míchumais. Ní státseirbhíseach ná oifigeach de chuid mo Roinne a chum í.

Direoidh mé aire an Choimisiúin ar pholasaí an Rialtais i dtaobh teagmháil a dhéanamh i nGaeilge le heagrais Ghaelacha nó le daoine a theastaíonn uathu gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Státchóras.
Top
Share