Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Jul 1995

Vol. 455 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Seirbhísí Stáit trí Ghaeilge.

Micheál Martin

Question:

4 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige a mholadh don Rialtas go gcuirfí cód cleachtais éigeantach teanga i bhfeidhm i ngach Roinn Rialtais agus foras Stáit. [9842/95]

Is é an modh oibre lena bhfuil glactha ag an Rialtas chun Athnuachana, agus lena raibh glactha ag an Rialtas Comhpháirtíochta, a raibh mé i mo bhall ann, roimhe sin, chun feabhas a chur ar an bhfáil atá ag an bpobal ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge ná go n-ullmhódh Ranna agus eagrais Stáit pleananna gníomhaíochta chun na críche sin agus go gcuirfeadh siad iad i bhfeidhm. Tá cur síos ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo san anailís dar teideal "An Dátheangachas san Earnáil Phoiblí", a d'fhoilsigh Bord na Gaeilge le déanaí. Deireann an anailís sin gur ábhar misnigh é an toradh eagraíochtach atá á thabhairt ag an earnáil phoiblí maidir le pleananna gníomhaíochta scríofa. Caithfear tógáil ar bhunchloch na bpleananna gníomhaíochta sin go leanúnach agus beidh mé ag scríobh chuig mo chomhghleacaithe sa Rialtas i dtaobh na ceiste go luath.

Maidir lena bhfuil á mholadh ag an Teachta bheadh go leor impleachtaí ag gabháil leis ar ghá don Státchóras a bhreithniú go cúramach agus comhaiarle fhorleathan a ghlacadh ina thaobh roimh ghníomh mar sin a bheartú. Tá mé sásta nach é an t-éigeantas an bealach ceart chun feidhmiú agus níl ar intinn agam feidhmiú mar atá i gceist ag an Teachta.

Go bunúsach, is cearta sibhialta atá i gceist anseo agus tá dualgas ar an Stát seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil. Is é an fáth gur chuir mé an cheist sa chruth seo ná go bhfuil mé ag fáil gearán go minic agus go rialta ó an-chuid daoine nach bhfuil in ann faoi láthair a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis na Ranna éagsúla ná leis na húdaráis áitiúla. Tá sé seo ag tarlú go minic agus sin é an fáth gur thóg mé an cheist agus measaim go bhfuil i bhfad níos mó le déanamh chun seirbhís cheart a chur ar fáil ionas go mbeidh daoine in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis na Ranna Stáit.

Nuair a thosaigh mé mar Aire sa Rialtas roimhe seo chuir mé treoirlínte nua amach chuig na Ranna Stáit éagsúla agus eagrais éagsúla. Cuireadh de chúram ar Bhord na Gaeilge na treoirlínte a mheas go rialta, i gcomhpháirt leis na heagrais, agus sin é an fáth gur chuir siad an tuarascáil ar fáil. Ba shuimiúil na torthaí a bhí ann, mar shampla an t-ábhar misnigh maidir leis an earnáil phoiblí i gcomhthéacs chlár an Rialtais Chomhpháirtíochta i bhfoirm phleananna gníomhaíochta scríofa — sin é an rud nua a bhí ann, agus ceapadh oifigeach chun teagmháil a dhéanamh idir mo Roinn agus na Ranna éagsúla. As an 150 eagraíocht a ndeachaigh Bord na Gaeilge i dteagmháil leo, thug 113 freagra scríofa agus bhí tagairt do phleananna gníomhaíochta eile in 92 díobh seo.

Tá eagrais éagsúla ann nach bhfuil ag comhoibriú ar an leibhéal céanna leis na heagrais eile agus nílimid chun ligean leo aon leithscéal a dhéanamh, mar shampla, a rá go bhfuil spriocanna eacnamaíochta agus sóisialta acu agus nach bhfuil siad sásta glacadh leis an sprioc ó thaobh na Gaeilge de. Tá de cheart ag muintir na tíre seo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge le heagrais Stáit agus tá treirlínte nua cumtha agam agus tá duine ceaptha dul i dteagmháil leis na heagrais agus na Ranna éagsúla. Tá anailís déanta i dtuarascáil agus táimid ag leanúint ar aghaidh chun brú a chur ar na heagrais a thug leithscéal dúinn in ionad mínithe ar an bhfáth nach bhfuil siad ag comhoibriú. Ceapaim féin go bhfuil sé i bhfad níos fearr oibriú ar an mbonn sin ná filleadh ar an éigeantacht mar ní raibh an toradh cuí air seo.

Aontaím le han-chuid atá ráite ag an Aire ach inniu bhí mé ag labhairt le Teachta Dála agus dúirt sé liom nach raibh duine ina dháilcheantar féin in ann litir i nGaeilge a fháil ón Roinn Leasa Shóisialaigh, mar shampla. Tá cónaí ar an duine seo sa Ghaeltacht agus ní féidir leis a chuid comhfhreagrais a dhéanamh leis an Roinn sin. I gCorcaigh dúirt duine liom le déanaí go bhfuair sé bille i mBéarla ach níl sé chun an bille a íoc go dtí go bhfaigheann sé ceann i nGaeilge. Tá sé seo ag tarlú fós agus táimid ag brath go bunúsach ar dhaoine áirithe sna húdaráis timpeall na tíre atá báúil leis an nGaeilge agus le pleananna gníomhaíochta. Tá amhras orm an bhfuil an polasaí atá againn faoi láthair láidir go leor.

Tógfaidh mé an dara cuid den cheist ar dtús. Dá mba rud é go raibh mé chun polasaí éigeantach a chur ar aghaidh, bheadh an chosúlacht ar an scéal go raibh an Ghaeilge á brú ar státseirbhísigh, ar na daoine atá ag obair san earnáil phoiblí, sna heagrais Stáit agus sna heagrais áitiúla. Is fíor a rá go nglacfadh daoine mar iad go bhfuil sé de cheart ag gach duine a ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá mé ag déanamh iarrachta nua ach smaoiním ar iarrachtaí eile san am atá caite — agus ní bhaineann sé le ré an Teachta anseo — iarrachtaí a bhí sórt áiféiseach. Cuireadh ciorclán thart timpeall 20 bliain ó shin ag moladh do bhainisteoirí contae, nuair a bheadh an chóisir bhliantúil ar siúl, go gcanfaí An Poc ar Buile mar go gcabhródh sé sin le cúis na Gaeilge. Sin é an fáth gur iarramar orthu plean a cheapadh. Tá mé sásta an iarracht a choinneáil faoi scrúdú agus ansin is féidir liom an gealltanas sin a thabhairt. Nuair a thiocfaidh an chéad tuarascáil eile amach, mura bhfuil na heagrais Stáit ná na Ranna éagsúla sásta cabhrú linn caithfidh mé smaoineamh ar sheifteanna eile, ach tá mé ag dul ar aghaidh ar an tuiscint go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn, mar shampla i gcás na Roinne Leasa Shóisialaigh. Tharla sé seo i mo dháilcheantar féin nuair nach raibh an fhoirm i nGaeilge ar fáil, ach tá sé ar fáil anois. De réir a chéile, tá súil agam go mbeimid in ann na heisceachtaí sin a bhaint amach ach mura n-éiríonn leis an straitéis sin caithfidh mé an straitéis a athrú.

Top
Share