Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Jul 1995

Vol. 455 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Culture Tourism.

Michael McDowell

Question:

7 Mr. M. McDowell asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the steps, if any, being taken to encourage the development and promotion of culture tourism to maximise the potential of the attractiveness of the living Gaeltacht to visitors; and if he will make a statement on the matter. [5995/95]

Liz O'Donnell

Question:

52 Ms O'Donnell asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht his views on whether there is a need to adopt a more co-ordinated effort in terms of identifying and developing the distinctive culture of the Gaeltacht regions as a tourism product; and if he will make a statement on the matter. [5999/95]

Faoi mar is eol don Teachta, bíonn cúnamh le fáil ó Údarás na Gaeltachta maidir le forbairt thionscal na turasóireachta sa Ghaeltacht agus tá cainteanna ar siúl idir mo Roinnse agus an tÚdarás faoi láthair maidir le ról cinnte a thabhairt don Údarás maidir leis sin de.

Tá Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha á fheidhmiú ag mo Roinnse faoi théarmaí an Chláir Feidhme Turasóireachta 1994-99 agus tá iarratais déanta cheana faoin scéim sin do thograí a bhaineann le forbairt na turasóireachta sa Ghaeltacht. Faoi láthair tá measúnú ealaíne agus cultúrtha á dhéanamh ag an gComhairle Ealaíon ar na hiarratais sin, i measc 170 iarratas atá faighte faoin scéim, agus ní mór measúnú airgeadais a dhéanamh orthu ina dhiaidh sin. Ag féachaint ar an líon mór iarratas a fuarthas, áfach, tógfaidh sé roinnt mhaith ama chun cinnithe a dhéanamh faoi na tograí sonracha a dtabharfar cúnamh airgid dóibh.

Ar ndóigh, is é an tAire Turasóireachta agus Trádála atá freagrach as beartas maidir le forbairt thionscal na turasóireachta sa tír i gcoitinne — an Ghaeltacht san áireamh — agus is ar a Roinn atá an dualgas maidir le tosaíocht a ghlacadh in aon chomhordú is inmholta a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-eagras go léir a bhíonn ag plé le forbairt an tionscail sin. I dtaca leis sin de, tá i gceist agam, labhairt le mo chomhghleacaí Enda Kenny, T.D., Aire Turasóireachta agus Trádála, d'fhonn na heagrais éagsúla a bhíonn ag plé le tionscal na turasóirachta sa Ghaeltacht — an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, An Roinn Turasóireachta agus Trádála agus Údarás na Gaeltachta san áireamh — a thabhairt le chéile faoi scáth na Roinne Turasóireachta agus Trádála chun an cheist ar fad a chíoradh.

Is léir óna bhfuil ráite ag an Aire Stáit go bhfuil dul chun cinn áirithe ag tarlú cheana féin agus is maith an rud go bhfuil beartaíocht ar siúl idir Roinn an Aire agus an Roinn Turasóireachta agus an Chomhairle Ealaíon, mar measaim gurb é sin an treo is cirte go mbeadh an scéal ag dul, agus molaim an t-Aire dá bharr. Ach ceist amháin: deir sé go bhfuil 170 iarratas faighte cheana féin agus an bhféadfadh sé a chur in iúl domsa cathain a bheidh freagraí ar fáil ag na daoine a chuir na hiarratais sin isteach; agus cathain a bheidh dul chun cinn le feiceáil ar an talamh, mar a deirtear, i dtreo is go mbeidh an dul chun cinn is fearr le feiceáil sa bheartas seo atá, measaim féin, an-tábhachtach, ní amháin don teanga ach freisin do chultúr agus d'eacnamaíocht na Gaeltachta.

Beimid ag cur béime ar na hiarratais speisialta a tháinig isteach agus, ina dhiaidh sin, scrúdófar na tograí eile.

Tá áthas orm a chloisteáil go bhfuil comhoibriú i gceist idir Roinn an Aire agus an Roinn Turasóireachta agus Trádála. Ach an cheist atá agam ná, an raibh easpa comhoibrithe ann roimhe seo, mar níor chuala mé go raibh an comhoibriú chomh maith sin, ach b'fhéidir go bhféadfaí an scéal sin a mhíniú. Os rud é go bhfuil comhoibriú i gceist anois, an féidir leis an Aire a rá liom an mbeidh an comhoibriú sin á leathnú amach lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith. Tá a fhios agam féin, ó bheith i mo chónaí in iarthar Chorcaí ar feadh tamaill, áit nach raibh sa Ghaeltacht, go raibh an-tarraingt ar na sráidbhailte a bhí ag plé le cúrsaí Gaeilge, mar shampla fógraí Gaeilge, comharthaí agus gach rud a bhain le cultúr na Gaeilge — bhí an-suim ag turasóirí iontu, cé nach raibh siad sa Ghaeltacht. Ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil an comhoibriú i gceist ar fud na tíre, chomh maith leis an nGaeltacht.

Tá súil againn go mbeidh toradh suntasach ar na comhchainteanna agus tá fonn orainn iad a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir. Beidh brú ar leith ar an nGaeltacht ach tá mé sásta bualadh leis an Aire agus leis an Údarás agus is dóigh liom go n-éireoidh go maith linn.

Top
Share