Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Jul 1995

Vol. 455 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Infheistíocht sa Ghaeltacht.

Gerard C. Connolly

Question:

11 D'fhiafraigh Mr. Connolly den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige gearradh siar ar infheistíocht sa Ghaeltacht trí ghear-radh siar ar bhuiséad an Údaráis san am atá le teacht. [12417/95]

Patrick J. Morley

Question:

13 D'fhiafraigh Mr. Morley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige gearradh siar ar infheistíocht sa Ghaeltacht trí ghear-radh siar ar bhuiséad an Údaráis san am atá le teacht. [12420/95]

John O'Leary

Question:

16 D'fhiafraigh Mr. O'Leary den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige gearradh siar ar infheistíocht sa Ghaeltacht trí ghear-radh siar ar bhuiséad an Údaráis san am atá le teacht. [12423/95]

Noel Davern

Question:

20 D'fhiafraigh Mr. Davern den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige gearradh siar ar infheistíocht sa Ghaeltacht trí ghear-radh siar ar bhuiséad an Údaráis san am atá le teacht. [12418/95]

Micheál Martin

Question:

22 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige gearradh siar ar infheistíocht sa Ghaeltacht trí ghear-radh siar ar bhuiséad an Údaráis san am atá le teacht. [12414/95]

Seamus Kirk

Question:

29 D'fhiafraigh Mr. Kirk den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige gearradh siar ar infheistíocht sa Ghaeltacht trí ghear-radh siar ar bhuiséad an Údaráis san am atá le teacht. [12415/95]

Denis Foley

Question:

34 D'fhiafraigh Mr. Foley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige gearradh siar ar infheistíocht sa Ghaeltacht trí ghear-radh siar ar bhuiséad an Údaráis san am atá le teacht. [12422/95]

Tom Moffatt

Question:

37 D'fhiafraigh Dr. Moffatt den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige gearradh siar ar infheistíocht sa Ghaeltacht trí ghear-radh siar ar bhuiséad an Údaráis san am atá le teacht. [12419/95]

Donal Moynihan

Question:

43 D'fhiafraigh Mr. Moynihan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige gearradh siar ar infheistíocht sa Ghaeltacht trí ghear-radh siar ar bhuiséad an Údaráis san am atá le teacht. [12421/95]

Dan Wallace

Question:

49 D'fhiafraigh Mr. D. Wallace den den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige gearradh siar ar infheistíocht sa Ghaeltacht trí ghear-radh siar ar bhuiséad an Údaráis san am atá le teacht. [12416/95]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 11, 13, 16, 20, 22, 29, 34, 37, 43 agus 49 le chéile.

Ó ceapadh mise mar Aire don chéad uair dhá bhliain go leith ó shin, tá an soláthar caipitil d'Udarás na Gaeltachta méadaithe de bheagnach 29 faoin gcéad (.i. ó £13.2 milliún go £17 milliún). Anuas ar an tsuim £17 milliún atá i Leabhar na Meastachán le haghaidh 1995 beidh suim bhreise suas le £3.5 milliún á cur ar fáil i mbliana chun cabhrú leis an Údarás monarcha nua a thógáil do thogra "Fruit of the Loom" ar an gClochán Liath. Má chuirtear an tsuim bhreise sin san áireamh, feicfear gur méadú de bhreis ar 55 faoin gcéad atá i gceist. Is léiriú na suimeanna sin ar an tábhacht a chuireann an Rialtas, agus mise agus m'Aire Stáit, i bhforbairt na Gaeltachta agus i gcruthú fostaíochta dá muintir.

Braitheann an tsuim airgid a chuirtear ar fáil in aon bhliain don Údarás ar go leor toscaí, ar a n-áirítear riachtanais na heagraíochta, polasaí Rialtais d'fhorbairt tionscial agus do chruthú fostaíochta, beartas cáinaisnéise agus mar sin de.

Beidh iarratas an Údaráis ar chaipiteal le haghaidh 1996 le breithniú mar chuid d'fheachtas Meastachán na bliana sin, a bhfuil tús curtha leis cheana féin.

Top
Share