Micheál Martin
Question:27 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta. [9841/95]
Vol. 455 No. 5
27 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta. [9841/95]
Tá i gceist agam athbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta agus tá réamhscrúdú déanta ag mo Roinnse faoin ábhar sin. Níl sé socraithe agam fós, áfach, cad é an bealach is fearr chun tabhairt faoin gcéad chéim eile.