Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Jul 1995

Vol. 455 No. 5

Written Answers. - Comhar Caomhán Teoranta.

Robert Molloy

Question:

48 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl an bhfuil iarratas faighte aige ó Chomhar Caomhán Teoranta, Inis Oírr, Contae na Gaillimhe, faoin gClár Oibríochta le haghaidh Turasóireachta 1994 go 1999, le tacaíocht a fháil le forbairt a dhéanamh ar an ionad cultúrtha ar an oileán; an gcuirfidh sé in iúl an bhfuil sé sásta deontas a cheadú sa chás seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7726/95]

Fuarthas iarratas ar chúnamh airgid ó Chomhar Caomhán Teo, Inis Oírr, Contae na Gaillimhe, faoin Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha, atá á cur i bhfeidhm ag mo Roinnse faoi théarmaí an Chláir Feidhme Turasóireachta 1994-1999.

Is eol don Teachta, ní foláir, go bhfuair "An Plean Ealaíon 1995-1997", a dhréachtaigh an Chomhairle Ealaíon, tacaíocht ó gach taobh den Teach nuair a pléad é anseo ar 6 Aibréan agus 11 Bealtaine. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an mbun struchtúr ealaíon sa Stáit, d'aithin An Plean limistéir thosaíochta agus ionaid foirfeachta mar ábhar béime speisialta. Is iad contaetha Dhún na nGall, Chill Mhantáin, Laoise, Uibh Fháilí, Longfoirt, na hIarmhí, Liatroma, Thiobraid Árainn agus Ros Comáin na limistéir thosaíochta agus is iad cathracha Chorcaí, Luimní, Phort Láirge agus na Gaillimhe na hionad foirfeachta.

D'fhonn tacú le cuspóirí "An Plean Ealaíon 1995-97" tá socraithe agam measúnú a dhéanamh i dtosach ar na hiarratais faoin Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha ó na limistéir thosaíochta agus ó na hionad foirfeachta. Go dtí seo, níl aon chinnithe tógtha faoi na tograí sonracha a dtabharfar cúnamh airgid dóibh.

Top
Share