Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 18 Oct 1995

Vol. 457 No. 2

Written Answers. - Stádas na Gaeilge Sa Tuaisceart.

Éamon Ó Cuív

Question:

24 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den den Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha cé na hachainíocha atá déanta aige le cinntiú go bhfuil cothrom na féinne á thabhairt ag Roinn Oideachais an Tuaiscirt don oideachas trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14810/95]

Is ceist tábhachtach don rialtas stádas na Gaeilge i gcoitinne, agus riachtanais na nGaelscoileanna ach go háirithe, i dTuaisceart Éireann. Thug mé féin cuairt ar an meánscoil i mBéal Feirste agus tuigim na fadhbanna atá acu.

Pléitear an t-ábhar go rialta i gcomhthéacs an Chomhaontuithe AnglaÉireannaigh.

Inné féin phléigh mé an scéal le Stát Rúnaí Thuaisceart Éireann ag cruinniú den Chomhdháil Angla-Éireannach i mBéal Feirste. Chuir mé ina luí ar an Stát Rúnaí ag an gcruinniú sin cé chomh tábhachtach is atá sé caitheamh go cóir agus go dearfach leis na Gaelscoileanna.

Cé go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas ins an slí a chaitear leis an nGaeilge ó thuaidh tá an scéal thar a bheith mí-shásúil go fóill. Leanfaimid de bheith ag gríosadh Rialtas na Breataine agus na hÚdaráis i dTuaisceart Éireann chun cothrom na féinne a thabhairt don oideachtas trí Ghaeilge.

Top
Share