Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 21 Nov 1995

Vol. 458 No. 5

Written Answers. - Cás Cáin Bóthar.

Éamon Ó Cuív

Question:

95 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil cén fáth a bhfuil ar dhuine a thug isteach carr ó Shasana i 1993 agus nár chuir ar an mbóthar é go dtí 1995, agus a bhfuil deimhniú aige dá réir ó na Gardaí, cáin bóthar dhá bhliain a íoc; agus chun a fhiafraí de an gceapann sé go bhfuil sé seo éagórach. [17441/95]

Faoi Alt 20 den Act Airgeadais (Uimhir 2), 1992, tagann dliteanas cánach bóthair i gceist ó dhátha clárúcháin na feithicle sa Stát. Faoi Alt 117 den Act Airgeadais, 1995, cuireadh eisceachtaí ó cheanglas Alt 20 i bhfeidhm ó 2 Meitheamh 1995 ach níl éifeacht leo i leith feithicil a cláraíodh roimhe sin.

Top
Share