Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 21 Nov 1995

Vol. 458 No. 5

Written Answers. - Scéim Uisce Inis Óirr.

Éamon Ó Cuív

Question:

99 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil cén uair a thabharfar cead do Chomhairle Chontae na Gaillimhe na doiciméid chonartha a réiteach i dtaca le Scéim Uisce Inis Oírr; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17263/95]

Tá togra faighte ag mo roinn chun scéim nua soláthair uisce a chur ar fáil don oileán. De bharr líon na scéimeanna curtha ar aghaidh cheana féin faoin gclár uisce agus séarachais, ni féidir liom a rá ag an bpointe seo cathain a ceadófar don scéim seo dul ar aghaidh.

Top
Share