Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Nov 1995

Vol. 458 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeilge sa Chomhphobal.

Matt Brennan

Question:

26 D'fhiafraigh Mr. M. Brennan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aighneachtaí curtha ag an Roinn chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha maidir le stádas na Gaeilge sa Chomhphobal; agus le fiafraí de cén toradh a bhí ar na haighneachtaí seo. [17443/95]

Is eol dom go maith an dúil atá forleathan i measc phobal na Gaeilge go mbeadh stádas níos fearr ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus tá suntas tugtha agam do na haighneachtaí éagsúla a cuireadh faoi bhráid le tamall anuas maidir leis an ábhar seo. Bíonn mo Roinn féin i gcomhairle leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar bhonn leanúnach maidir leis na céimeanna a d'fhéadfadh an Stát seo a ghlacadh chun an stádas sin a ardú agus tá an cheist i gcoitinne á coimeád faoi bhreithniú.

Ní miste a aithint nach bhfuil sa cheist soe ach ábhar amháin i measc go leor eile atá agus a bheidh á plé i gcomhthéacs na hEorpa ach tig liom a dhearbhú go mbeidh mé féin sásta gach tacaíocht is féidir a thabhairt d'aon chéim is féidir a thógfar amach anseo chun stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach ar ardú.

In aon athrú stádais ó thaobh na teangacha oifigiúla san Aontas Eorpach a tharlóidh amach anseo, an mbeidh moladh á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta go dtabharfaí stádas teanga oifigiúil oibre don Ghaeilge comhionann, mar shampla, leis an stádas atá ag an Sualainnis, an Fionlainnis agus an Danmhairgis agus teangacha na dtíortha beaga eile atá san Aontas? An bhfuil an moladh sin curtha ar aghaidh ag an Aire go dtí an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus cén freagra a fuair sé ar ais ón Roinn ar an gceist sin?

Tá cainteanna ar siúl idir oifigigh mo Roinn féin agus oifigigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag ullmhú do na seansanna a bheidh againn, b'fhéidir, i 1996. Mar a thuigeann gach duine, nuair a chuamar isteach sa Chomhphobal i 1973, ghlacamar le stádas áirithe ag an am sin don Ghaeilge ach má thiteann seans amach sna hullmhúcháin do 1996, bainfidh mé úsáid as an seans má sin.

An mbeidh sé mar aidhm thábhachtach Rialtais i 1996 nuair a bheidh Uachtarántacht na hEorpa againn, stádas na Gaeilge a ardú go dtí stádas oifigiúil oibre? An bhfuil an Rialtas ag obair ar a shon sin?

Tá. Ní amháin go bhfuil cainteanna ar siúl idir mo Roinn agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha ach phléamar roghanna éagsúla atá againn. Tá sé deacair orm níos mó eolais a thabhairt mar pléfar an t-ábhar seo i gcóthéacs morán ábhar eile a bheidh á plé i 1996. Ní chaillfimid aon seans mar a cailleadh seans i 1973 nuair a glacadh leis an stádas atá anois ag an nGaeilge. Níor deineadh an cás ag an am sin.

Níor chóir don tAire dul ar ais go ró-fhada mar meabhraím dó go raibh sé féin agus a pháirtí i gcoinne ballraíocht don tír seo san Aontas Eorpach. Ní raibh aon suim aige ann agus níor admhaigh sé go fóill go raibh sé mícheart.

An bhfuil aon chinneadh déanta ag an Rialtas moladh a chuar os comhair an Aontais Eorpaigh, go ndéanfaí athrú ar stádas na Gaeilge i gcothéacs an Aontais Eorpaigh mar atá sé faoi láthair? Cad é polasaí an Rialtais sa cheist seo?

Níl aon chinneadh déanta ag an bpointe seo ach tá an t-ábhar seo i measc ábhar eile a bheidh á plé san ullmhú do 1996.

Mura bhfuil a intinn féin déanta suas ag an Rialtas, cén seans atá ann go rachfaí ar aghaidh leis an gceist nó go ndéanfaí é a mheas, dáiríre, san Aontas Eorpach? An aontódh an tAire gurb é an chéad rud a ba chóir a dhéanamh ná cinneadh Rialtais a thógáil gurb é seo a theastaíonn uaidh. Cuimhnimis go mbeidh Éire agus an Rialtas i gceannas an Aontais i 1996 agus beidh sé de chumhacht againn pé rud is mian linn a chur ar an gclár. An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas an cheist seo a chur ar an gclár an fad atá an Uachtarántacht ag Éire?

D'fhéadfaí an cheist seo a bhreithniú i measc cinn eile agus sinn ag críochnú an clár do 1996.

Níl an Rialtas i ndáiríre faoin gceist seo.

Glacaim leis go bhfuil an tAire féin lándáirire fé cothú na Gaeilge. Nílim cinnte go bhfuil an Rialtas chomh dáiríre agus atá an tAire. An bhféadfadh an tAire a chur in iúl dúinn anois cad iad na céimeanna deimhnitheacha atá leagtha síos ag an Rialtas chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach i ndiaidh bhliain na hUachtaránachta Éireannaí? An nglacann sé leis go ndéanfadh sé an-chuid d'fhostaíocht sa tír seo, agus do chultúr agus féin-mheas mhuintir na tíre agus mhuintir na Gaeltachta ach go háirithe, dá n-éireodh leis an Rialtas comhstadás a fháil don Ghaeilge le teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh?

An tús a chaithimid a dhéanamh ná an t-ábhar a phlé ar a bhonn féin agus i gcóthéacs na n-ábhar eile a bheidh á phlé san Uachtarántacht. Níl an obair críochnaithe go fóill.

An bhfuil sé tosnaithe?

Tá sé tosnaithe agus ní ligfear aon seans tharainn chun stádas na Gaeilge a fheabhsú. Nílim ag déanamh a mhór de ach tá deacracht bhunúsach ann i stádas a athrú. Leanfaimid leis an obair agus beidh sé ar an gclár i measc na n-ábhar atá a plé do 1996.

Ainneoin go gcreidim go bhfuil an ceart ag an Aire nuair a deir sé gur dearnadh botún i 1973, an nglacfadh an tAire leis go bhfuil na cuinsí éagsúil ar fad anois mar go bhfuil i bhfad níos mó tiortha beaga san Aontas anois ná mar a bhí ann an t-am sin? An nglacfadh an tAire leis go bhfuil an cheist seo fíor-thábhachtach i gcóthéacs na fostaíochta go mórmhór do dhaoine a bhfuil Béarla agus Gaeilge acu agus Gaeilge agus teangacha eile acu? Tá sé tábhachtach freisin sa mhéid gur chaill muid amach ar chistíocht atá ar fáil do na teangacha oibre taobh istigh den Eoraip agus an nglacann sé leis go bhfuil gach seans ann de bharr an méadú thar cuimse atá tagtha ar an Aontas Eorpach, go dtarlóidh sé go mbeidh dhá rangú á dhéanamh ar theangacha an Aontais? Bheadh teangacha ar nós na Fraincíse, an Bhéarla agus na Gearmáinise sa chéad rangú agus an Danmhairgis, an Fhionnlanais agus teangacha eile sa dara rangú. An gceapann an tAire, dá dtarlódh sé sin go mbeadh sé riachtanach don tír seo éileamh a dhéanamh go gcomhaireofaí an Ghaeilge ar aon chéim leis na teangacha sin?

Tá an cás athraithe go mór anois. Bhí mé ag caint le hAire Cultúir na Sualainne le déanaí agus tá an-bhéim acu siúd ar úsáid na teangan. Tá atmasféar nua ann don Ghaeilge agus ní chaillfimid aon seans realaíoch chun stádas na Gaeilge a chur ar aghaidh.

Ar phlé an tAire an cheist seo leis an Taoiseach?

Ní gá aon mholadh i leith na Gaeilge a chur os comhair an Rialtais. Is mise a déanfaidh an moladh tar éis é a phlé le mo chomhleacaithe ar fad agus an Taoiseach ina measc.

Seachas an plé ar leibhéil íseal nó ard idir oifigigh na Ranna éagsúla, an bhfuil an cheist seo pléite ag bord an Rialtais?

Tá sé pléite idir an Tánaiste agus mé féin ar an gcéad dul síos.

Ní hí sin an cheist a chuir mé. Tuigeann tú mo chuid Gaeilge. Tagaimid ón dáilcheantar céanna. An bhfuil an cheist seo pléite ag bord an Rialtais? Tá nó níl.

Nuair a thiocfaidh an chéad tuarascáil eile faoin Uachtaránacht os comhair an Rialtais beidh an t-ábhar seo i measc na n-ábhar eile.

(Cur isteach.)

Chun a bheith anoscailte leis an Teach aon uair a tháinig an t-ullmhuchán don Uachtaránacht os comhair an Rialtais iomlán bhí an t-ábhar seo i measc na n-ábhar eile.

Beidh ionadh ar a lán daoine nach bhfuil an cheist seo pléite fós ag bord an Rialtais cé go bhfuil sí á tarraingt anuas ag Teachtaí sa Dáil agus ag eagrais taobh amuigh atá ag obair ar son na Gaeilge le sé nó seacht mí nó le bliain anuas. Tá sé do-chreidte a chloisteáil inniu nach bhfuil an cheist seo pléite fós ag bord an Rialtais. Thugamar ard-mholadh don Aire agus ghlacamar buíochas leis as ucht na bhfreagraí a thug sé níos luaithe inniu. Ach is cúis díomá é an freagra seo.

D'fhás an fhadhb seo on gcaoi ar ligeadh leis an gcás i 1973 nuair a bhí an Teachta féin i bhfad níos cóngaraí do thábla an Rialtais ná mar a bhí mé féin. Is feidir liom a rá——

Níl tú macánta.

Tá mé macánta.

(Cur isteach.)

An tAire le do thoil.

Ar chuir an cinneadh a rinneadh i 1973 aon chosc nó aon bhac ar an Rialtas an cheist seo a phlé i 1994 no 1995? Ní chreidim gur chuir. Ba cheart don Aire a rá go soiléir ar pléadh nó nár pléadh an cheist seo ag bord an Rialtais. Agus munar pléadh tá míniú ag dul dúinne mar Theachtaí cén fáth nach bhfuil an cheist seo pléite fós.

Beidh sé os comhair an Rialtais nuair a bheidh sé ag teastáil mar ullmhúchán don Uachtaránacht fé mar a dúirt mé. Mar a thuigeann gach duine, nuair atá an t-ullmhúchán ar siúl an rud atá tábhachtach ná na roghanna éagsula a mheas ar an gcéad dul síos. Nuair a bheidh na hábhair agus a gcothéacs pléite, sin an t-am chun an t-ábhar seo a thabhairt os comhair an Rialtais, agus déanfaidh mé é sin.

Top
Share