Gerard C. Connolly
Question:37 D'fhiafraigh Mr. Connolly den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige freagracht as na Comharchumainn Ghaeltachta a aistriú ó Roinn na Gaeltachta go dtí Údarás na Gaeltachta. [17507/95]
Vol. 458 No. 8
37 D'fhiafraigh Mr. Connolly den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige freagracht as na Comharchumainn Ghaeltachta a aistriú ó Roinn na Gaeltachta go dtí Údarás na Gaeltachta. [17507/95]
Faoi Scéim na gComharchumann de chuid mo Roinne-se íoctar deontais reachtála agus deontais chaipitil le comharchumainn Ghaeltachta áirithe chun cuidiú leo forbairt na comharaíochta agus forbairt pobail a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Ag éirí as athbhreithniú a rinne mo Roinnse ar ról na gcomharchumann méadaíodh na deontais reachtála a íoctar le comharchumainn Ghaeltachta go substaintiúl i mbliana. Bíonn cúnamh le fáil ag comharchumainn Ghaeltachta, chomh maith, (nó ag comhlachtaí faoina scáth) ó Údarás na Gaeltachta i leith tograí tionsclaíocha/gnó.
Tá sé mar chuspóir agam go mbeidh an tairbhe is mó le fáil ag an Stát as an gcúnamh substaintiúil a chuirtear ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta agus sna cúinsí sin tá breithniú á dhéanamh faoi láthair ar an gcur chuige is fearr leis an gcuspóir sin a chur chun cinn.
Níl cinneadh glactha agam na freagrachtaí ag mo Roinnse i dtaca leis na comharchumainn Ghaeltachta a aistriú go dtí Údarás na Gaeltachta. Ar ndóigh dá mbeadh a leithéid i gceist bheadh an t-ábhar le plé ré leis an Údarás.