Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Nov 1995

Vol. 458 No. 8

Written Answers. - Bille Cearta Teanga.

Éamon Ó Cuív

Question:

38 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige Bille a thabhairt isteach a thabharfadh stádas cuí dlíthiúil don Ghaeilge agus a chinnteodh go mbeadh ceart ag saoránaigh gnó a dhéanamh leis an Stát i nGaeilge. [17442/95]

Tá sé mar chuid thábhachtach de Chlár an Rialtais chun Athnuachana go leanfar le bearta a chur i gcrích, trí cláracha gníomhaíochta Ranna Rialtais agus Eagras Stáit, le feabhas a chur ar an bhfáil, i gcoitinne agus go háirithe do mhuintir na Gaeltachta, ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge agus go dátheangach.

Tá sé de cheart ag saoránaigh gnó a dhéanamh le hEagrais Stáit trí Ghaeilge nó trí Bhéarla de réir mar a roghnaíonn siad. Ní mór go mbeadh seirbhísí á dtairiscint agus ar fáil gan cheist i nGaeilge chomh maith le Béarla agus go bhfeicfeadh an pobal go bhfuil fáilte roimh aon saoránach a roghnaíonn gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

I gcás na Gaeltachta is í an bhunaidhm d'oifigí Stáit ann ná gur trí Ghaeilge amháin a bheadh seirbhís ar fáil mar ghnáthnós do phobal na Gaeltachta agus go mbeadh sé tuigthe don phobal sin go soiléir gurb amhlaidh atá agus nár ghá dóibh dul á tóraíocht go speisialta.
Tá na prionsabail thuasluaite mar bhunchloch do na cláracha gníomhaíochta i dtaca le seirbhís trí Ghaeilge nó go dátheangach atá tarraingthe suas ag Ranna Rialtais agus ag Eagrais Stáit agus a bhfuil comhordú ar na feidhmeanna comhairle teagmhála, tuairiscithe agus measúnaithe ina leith á dhéanamh ag Bord na Gaeilge i gcomhar le mo Roinn féin.
Cé go bhfuil éagsúlacht ó thaobh raon agus sonraí sna pleananna gníomhaíochta atá tarraingthe suas, tá an-dáiríreacht, díograis agus suim maidir leis an dátheangachas a chur chun cinn san earnáil phoiblí léirithe ina bhformhór.
Tá dul chun cinn áirithe á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt do na pleananna gníomhaíochta ach ní leor é. Beidh gach cabhair is féidir le fáil ó Bhord na Gaeilge agus ó mo Roinnse maidir le feidhm a thabhairt do na cláracha gníomhaíochta ach ní foláir a thuiscint go soiléir gur ar gach Roinn Stáit agus ar gach Eagras Stáit ar leith atá an fhreagracht agus gur orthu a bheifear ag brath maidir le dul chun cinn a dhéanamh. Is mian liom an deis seo a ghlacadh chun an méid sin a threisiú dóibh.
Tá mé sásta gurb é an cur chuige thuas an bealach chun dul chun cinn a dhéanamh. Mar sin, níl sé beartaithe agam tabhairt faoi Bhille Cearta Teanga a ullmhú ag an am seo, ach nuair atá measunú déanta agam ar an dul chun cinn nó a easpa tá mé sásta athbhreithniú a dhéanamh.
Top
Share