Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Nov 1995

Vol. 458 No. 8

Written Answers. - Aistríu Feidhmeanua.

Éamon Ó Cuív

Question:

51 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil scrúdú ar bun maidir le haistriú feidhmeanna atá faoi lathair faoi churam na Roinne, go Ranna agus Boird Stáit eile; agus má tá, céard iad na feidhmeanna atá i gceist; agus cén uair a dhéanfar cinneadh de thoradh an scrúdaithe seo. [17504/95]

Mar chuid den phróiséas i ndáil le Bainistíocht Straitéiseach (SMI) atá á chur chun cinn ag an Rialtas, tá scrúdú idir lámha ar fheidhmeanna uile mo Roinne-se. Cuimsíonn an scrúdú sin, inter alia, measúnú ar an leibhéal éifeachtúlachta atá á bhaint amach i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna sin agus ar na féidearthachtaí atá ann chun cúrsaí a fheabhsú, aistriú feidhmeanna san áireamh. Tá an próiséas ar siúl ar bhonn leanúnach faoi láthair agus ní fhéadfainn teorainn ama ar leith a chur leis ag on bpointe seo.

Top
Share