Bíonn Bord na Gaeilge ag plé leis an earnáil phríobháideach mar chuid lárnach dá pholasaí agus clár oibre i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge. Is í an aidhm atá leis an obair seo ná lucht gnó na tíre a spreagadh maidir le húsáid na Gaeilge sa saol gnó. Tá cur chun cinn na Gaeilge sa réimse seo an-tábhachtach i leathnú úsáid agus forbairt na Gaeilge sa saol laethúil i sochaí na hÉireann agus chuige sin bíonn teagmhálacha rialta agus comhoibriú leanúnach á gcothú ag an mBord leis an réimse gnó.
Cuireadh an bróisiúr "Bia agus Deoch le Gaeilge" i gcló agus tugadh é do thithe tábhairne, óstlanna agus bialanna ar fud na tíre. Moltar go leor bealaí ann chun an Ghaeilge a úsáid mar shampla, comharthaí dátheangacha, fógraí, biachláir, etc. Chomh maith leis sin scaipedh cóipeanna den Fhoclóir Bia agus Dí.
Bíonn plé ag Bord na Gaeilge le comhlachtaí éagsúla i dtaobh úsáid na Gaeilge agus tá tionchar an phlé sin le feiceáil ar bhealaí éagsúla in ollmhargaí agus siopalanna ar fud na tíre.
Bíonn comhoibriú leanúnach ag Bord na Gaeilge le Cumainn Tráchtála na hÉireann agus tá tús curtha le teagmhálacha leis na Cumainn Tráchtála timpeall na tíre. Sampla an-mhaith den toradh air seo is ea Seachtain na Gaeilge a eagraíonn Cumann Tráchtála Átha Í i gContae Chill Dara.
Mar thacaíocht don lucht gnó cuireann an Bord seirbhís aistriúcháin ar fáil ar bhonn éilimh agus tuigim nach beag an úsáid a baineadh as an tseirbhís sin i mbliana.
Mar spreagadh ar leith do shiopadóirí tá buantrófaí agus duais airgid curtha ar fáil ag Bord na Gaeilge don éadan siopa is fearr i nGaeilge-dátheangach i gComórtas na mBailte Slachtmhara.
Tá leabhrán speisialta curtha ar fáil ag an mBord der teideal "Gnó le Gaeilge — Cuireadh don Lucht Gnó" a léiríonn bealaí éagsúla agus liosta de rudaí praiticiúla lenar féidir leis an lucht gnó an Ghaeilge a chur in úsáid.